An chéad scairt

Dé Máirt, an 10ú Márta 2026


Úsáideann daoine gutháin phóca an t-am ar fad na laethanta seo. Beagnach gach duine fásta, tá ceann acu agus bíonn siad ag cuid mhór páistí chomh maith. Is cinnte gur úsáid tú guthán póca le scairt a dhéanamh le déanaí.

Alexander Graham Bell

Ar smaoinigh tú riamh ar cé a chum an guthán an chéad lá agus cé a rinne an chéad scairt? Tá sé go díreach 150 bliain ó chuir Alexander Graham Bell scairt ar Thomas Watson, ar an lá seo, an 10ú Márta, 1876. Agus bhí an chéad ghuthán iontach difriúil leis na cinn atá againn anois.

An gléas a úsáideadh leis an teileagraf

Ag an am sin, ba é an teileagraf an t-aon dóigh le cumarsáid a dhéanamh thar achar fada. Bheadh dhá áit ceangailte le sreang agus bheadh daoine ábalta teachtaireacht a dhéanamh trí bhípeanna leictreacha, bípeanna fada nó bípeanna gairide. Bhí cód ann a thug litir do bhípeanna áirithe. Bíp ghairid agus bíp fhada, sin an litir ‘A’ i gCód Morse, mar shampla. Ach dóigh iontach fadálach a bhí ann le teachtaireacht a dhéanamh.

Grianghraf de ghléas Bell, blianta ina dhiaidh

Bhí Bell agus a fhoireann ag obair le sreanga agus gléasanna beaga le fuaim an ghutha a iompar ó áit go háit. An chéad ‘ghuthán’ a rinne siad, bhí sé déanta as adhmad agus bhí píosa mór ann le labhairt isteach ann. Bhí píosa eile ann le héisteacht leis.

Agus an chéad scairt? Bhí sé sa teach céanna agus chuir Bell scairt ar a chúntóir, Thomas. D’iarr sé air teacht chuige. Deirtear nár thuig sé cad é a bhí ag tarlú ar dtús ach ansin gur aithin sé gur scairt ghutháin a bhí ann agus nach scairt os ard a chuala sé. Ina dhiaidh sin, cheangail Bell dhá theach a bhí giota beag ar shiúl óna chéile agus thaispeáin sé an gléas nua, an ‘teileafón’, dá chuid cairde. (Tagann an focal ón Ghréigis: teile = i bhfad ar shiúl; fón = guth.)

Sean-ghuthán

Níorbh fhada go dtí gur cheangail sé bailte agus cathracha le chéile le go dtiocfadh le daoine ‘scairt’ a chur ar a chéile thar achar fada. Cé nach bhfuil an córas céanna in úsáid anois, tá coincheap an ghutháin ar fáil gach áit ar domhan anois.


Ceisteanna:

1. Cén dóigh a ndearna daoine cumarsáid thar achar fada roimh ghuthán Bell?

2. Cén t-ábhar as a ndearnadh an chéad ghuthán?

3. Cé air ar chuir Bell an chéad scairt ghutháin?

4. Cén t-ainm a thug Bell ar an ghléas nua aige?

5. Cad é a rinne Bell ina dhiaidh sin lena thaispeáint gur oibrigh an guthán thar achar níos faide?


Le déanamh:

Bhí na gutháin a rinne Bell ag brath ar ‘líne’ agus bhí an córas céanna in úsáid roimh an ghuthán póca. Cuir ceist ar dhaoine níos sine sa teach faoin ‘ghuthán tí’ seo (nó b’fhéidir go bhfuil guthán tí sa teach agat go fóill). Cad iad na difríochtaí idir guthán tí agus guthán póca. Déan liosta.


I mbeirteanna, roghnaíonn duine amháin ról Alexander Graham Bell agus imríonn an duine eile ról iriseora. Cuireann an t-iriseoir ceisteanna ar Bell mar:

    • Cad chuige a raibh guthán de dhíth ort?

    • Cad é an chuid ba dheacra san obair?

    • An raibh tú sásta leis an chéad scairt?

Is féidir na freagraí a thuairisiciú don chuid eile den rang nó den ghrúpa.


Le plé:

Is léir go bhfaca Bell go raibh gá leis an ghuthán. An féidir leatsa smaoineamh ar rud nua atá de dhíth sa lá inniu. Is féidir seo a phlé i ngrúpaí agus vóta ranga a dhéanamh ag an deireadh leis an rud is mó atá de dhíth a roghnú.


Pictiúir:

Stampa Bell: Boris15 / Shutterstock.com




meas