Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Baineann seanfhocal na seachtaine seo leis an aimsir i mí an Mhárta. Deir an seanfhocal linn go mbíonn an aimsir iontach athraitheach sa mhí seo (cé go dtiocfadh leat sin a rá faoi gach mí in Éirinn!).

Thiocfadh dó go mbeadh ceo ann ar maidin, go mbeadh an ghrian ag scoilteadh na gcloch ag am lóin agus go mbeadh gála gaoithe agus sneachta ann tráthnóna!

Úsáideann tú an aidiacht iomaí le ‘is’ nó ‘ba’ agus ciallaíonn sé ‘cuid mhór’.
Is iomaí uair a chuala mé sin! – Chuala mé sin cuid mhór uaireanta.
B’iomaí bád a cailleadh san fharraige sin – Chuaigh cuid mhór bád go tóin poill san fharraige sin.
Is iomaí seans a thug mé duit – Thug mé cuid mhór seansanna duit
Ainm eile ar mhí an Mhárta ná Mí Lár an Earraigh. I bhféilire na nGael, tosaíonn an t-earrach i mí Feabhra, ar ndóigh, ar Lá Fhéile Bríde.
I bhféilire na nGael, tosaíonn an t-earrach ag tús mhí Feabhra – is minic a bhíonn na plúiríní sneachta le feiceáil ag an am seo
Ach i bhféilire na réalteolaithe, ní thosaíonn an t-earrach go dtí mí an Mhárta agus tá ciall leis sin fosta, nó bíonn rian den gheimhreadh fós le mothú an mhí seo. Má amharcaimid ar chuid de na rudaí a dúirt na seandaoine faoi mhí an Mhárta, is léir gur thuig siad gur féidir go leor drochaimsire a theacht go fóill i mí an Mhárta – gaoth go háirithe!
Lá Márta sna Cruacha Gorma i nDún na nGall – meascán de gach sórt aimsire!
Bíonn sé de chlú ar an Mhárta gur mí ghaofar é in Éirinn. Meascann an t-aer fuar atá fágtha ón gheimhreadh leis an aer níos teo a thagann leis an earrach agus leis na laethanta níos faide. Cruthaíonn sé seo gaoth. Tá sé seo le feiceáil i gcuid de na nathanna cainte a bhí ann a bhaineann le mí an Mhárta.
Ón gheimhreadh isteach san earrach
Thug na seandaoine ‘Gaoth an Mhárta’ ar an ghaoth láidir a thagann, in amanna, sa mhí seo. Má imíonn tú go gasta as áit, is féidir a rá ‘gur imigh tú mar a bheadh an Ghaoth Mhárta ann’. Bhí nathanna ann fosta faoin fhuacht i mí an Mhárta, mar shampla, má bhí lá crua láidir Márta ann, ní hamháin go raibh sé gaofar, bhí sé fuar fosta.
Tá clú, nó droch-chlú, ar Ghaoth an Mhárta in Éirinn
Caithfidh sé gur drocham a bhí ann do na ba i mí an Mhárta sa seanam, go háirithe na ba aosta. Má amharcann tú san fhoclóir, tchífidh tú an líne D’fheann an Márta an tseanbhó – ciallaíonn sé ‘Mharaigh gaoth an Mhárta an tseanbhó’. Ciallaíonn an briathar feann – an craiceann a bhaint d’ainmhí. Má bhíonn lá fuar feanntach ann – tá sé chomh fuar sin go mbainfeadh sé do chraiceann díot.
Mar sin, má tá seanbhó faoin teach agat, cuir cóta uirthi (nó tabhair isteach í) mar Is iomaí athrú a chuireann lá Márta de!

Ceisteanna le freagairt
1. Mínigh seanfhocal na seachtaine seo i do chuid focal féin.
2. Má deir tú go bhfuil an aimsir athraitheach, cad é atá i gceist agat?
3. Cum dhá abairt de do chuid féin leis an fhocal iomaí.
4. Cad é an t-ainm eile ar mhí an Mhárta?
5. Cá huair a thosaíonn an t-earrach i bhféilire na nGael?
6. Cén sórt rudaí a ndéanann réalteolaithe staidéar orthu?
7. Cén fáth a mbíonn gaoth ann go minic i mí an Mhárta, de réir an ailt?
8. Cad a chiallaíonn an abairt ‘D’fheann an Márta an tseanbhó’?
Le plé
💨 An cuimhin leat lá nuair a bhí níos mó ná cineál amháin aimsire ann? Déan cur síos air.
💨 Cén aimsir is fearr leat féin san earrach? Cén fáth?
💨 An bhfuil seanfhocail eile ar eolas agat faoin aimsir? (Thiocfadh leat cuardach a dhéanamh!)
💨 Cén fáth, dar leat, a mbíonn na hÉireannaigh i gcónaí ag caint faoin aimsir?
