Ar snámh nó dul faoi uisce?

Déardaoin, an 4ú Márta, 2026

(le Gráinne Uí Loingsigh)


Nuair a chuireann tú rudaí in uisce, tarlóidh ceann amháin den dá ghníomh seo:

  • rachaidh siad go tóin poill, nó...
  • fanfaidh siad ar snámh ar bharr an uisce.


Má chuireann tú rudaí atá éadrom, nó, atá tógtha i gcruth speisialta (nach ligeann an t-uisce isteach) in uisce, fanfaidh siad ar bharr an uisce. Deir muid go bhfuil siad ar snámh.


Seo samplaí de chuid rudaí a fhanann ar snámh:

  • bád páipéir
  • cipín adhmaid
  • duilleoga
  • bríce Lego


Nuair a théann rudaí go tóin poill, téann siad faoin uisce. Tá na rudaí seo trom agus, mar sin, níl siad ábalta fanacht ar bharr an uisce.


Seo samplaí de chuid rudaí a théann go tóin poill:

  • cloch
  • bonn airgid
  • spúnóg mhiotail


Bain triail as seo le do mhúinteoir. Bailigh rudaí éagsúla as an seomra ranga agus ón taobh amuigh. Amharc ar na rudaí a bhailigh tú agus déan do mhachnamh:-

  • An rachaidh siad go tóin poill? nó...
  • An bhfanfaidh siad ar snámh?


Roinn na rudaí a bhailigh tú in dhá ghrúpa - rudaí a bheidh ar snámh agus rudaí a rachaidh go tóin poill. Anois, cuir isteach in uisce iad go bhfeice tú an bhfuil tú ceart.


Ceisteanna

  1. Cad é a tharlaíonn do rud nuair a théann sé go “tóin poill”?
  2. Cad chuige a bhfanann duilleog ar bharr an uisce?
  3. Cén cineál rudaí a théann go tóin poill, de ghnáth?
  4. Má dhéanann tú bád as páipéar, an snámhfaidh sé nó an rachaidh sé go tóin poill?
  5. Ainmnigh rud amháin eile atá trom.


Le plé agus le déanamh:

🛟 Seo samplaí de rudaí éagsúla is féidir libh a thriail san uisce lena fheiceáil an snámhfaidh siad nó an rachaidh siad go tóin poill:

  • peann Luaidhe
  • liathróid taois
  • sifín
  • ciúb unifix
  • dísle
  • forc
  • úll
  • Lego
  • fáiscín páipéir
  • scriosán


🛟 Tarraing póstaer / pictiúir lena léiriú cé acu rudaí a bhíonn ar snámh agus cé acu rudaí a théann go tóin poill.


🛟 An raibh sibh ceart nuair a thug sibh buille faoi thuairim faoi na rudaí a bheadh ar snámh, nó a rachadh go tóin poill? Ar chuir rud ar bith iontas oraibh? Cad é a bhí ann?


🛟 Inis dúinn faoi thorthaí bhur dturgnaimh. Is féidir tuairisc bheag a scríobh agus í a chur isteach chugainn le roinnt pictiúr.


🤔 Bain triail as dhá oráiste a chur isteach in uisce, ceann amháin a bhfuil an craiceann go fóill air agus ceann eile a bhfuil an craiceann bainte de. Cad é a tharlaíonn?


🤔 Bain triail as ubh amh a chur isteach in uisce. Cad é a tharlaíonn? Anois cuir salann isteach san uisce. An dtarlaíonn rud ar bith


meas