Seachtain na Gaeilge 2026

Dé Máirt, an 3ú Márta 2026


Tá daoine ann a deir gur rud seanchaite í an Ghaeilge. Deir siad go mbaineann sí leis an am a chuaigh thart agus nach labhraíonn duine ar bith í. Ach tuigimidne nach bhfuil an ceart acu nó labhraímid Gaeilge gach lá! Tá an Ghaeilge mar chuid dínn – tá sí inár DNA. Is teanga í a insíonn scéalta ár sinsear ach, ag an am céanna, tá sí tábhachtach don lá inniu.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine ar domhan agus tá dualgas orainn í a choinneáil beo agus í a labhairt, a léamh agus a scríobh, a oiread agus a thig linn. Agus níl tú leat féin ag caint i nGaeilge. Nuair a labhraíonn tú Gaeilge, tá tú ag nascadh le daoine ar fud an domhain—ó lucht labhartha na Gaeilge i gConamara nó Béal Feirste go dtí mic léinn i Nua-Eabhrac nó i dTóiceo atá ag foghlaim ár dteanga.

Tá an Ghaeilge le feiceáil i scannáin agus sraitheanna teilifíse cuid mhaith na laethanta seo agus bíonn Gaeilge le cluinstin níos mó sa cheol chomh maith. An raibh a fhios agat, mar shampla, go mbeidh ‘Spongebob an Scannán: Cá bhfuil Squarepants?’ le feiceáil sna pictiúrlanna go dtí Lá Fhéile Pádraig? Agus beidh a lán imeachtaí eile ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Is tréimhse speisialta í Seachtain na Gaeilge gach bliain. Is ‘seachtain’ í a thosaíonn ar an 1ú Márta agus leanann sí ar aghaidh go dtí an 17ú Márta. I mbliana, is é an ceol téama na seachtaine agus déanann sé ceiliúradh ar an nasc idir an teanga agus an ceol. Ceapadh beirt cheoltóirí mar Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, mar atá, Conor Curley, giotáraí leis an ghrúpa Fontaines DC, agus Róisín Seoighe, amhránaí leis an ghrúpa IMLÉ.

Thig linn a lán rudaí a dhéanamh le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Beidh imeachtaí ar siúl i do cheantar féin. Ach is é an dóigh is mó a dtig linn tacú le Seachtain na Gaeilge ná an Ghaeilge a úsáid ar scoil agus taobh amuigh di. Bí páirteach ann!


Ceisteanna:

1. Cad iad na háiteanna eile a labhraítear Gaeilge, taobh amuigh den tír seo, dar leis an alt?

2. Cén scannán a bheidh le feiceáil le linn Sheachtain na Gaeilge?

3. Cá mhéad lá a bhíonn i ‘Seachtain’ na Gaeilge?

4. Cé hiad Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i mbliana?

5. Cad é téama Sheachtain na Gaeilge i mbliana?


Le plé:

In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de na rudaí is mó a thacóidh le Seachtain na Gaeilge. Smaoinígí ar dhóigheanna a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge beo agus in úsáid ó lá go lá.


Le déanamh:

Déan liosta de na focail agus na frásaí is fearr leat sa Ghaeilge. Cuir iad i gcomparáid le do chara in aice leat.


Is é ‘Mo cheol thú!’ mana Sheachtain na Gaeilge i mbliana. An chiall atá leis an fhrása sin ná ‘Maith thú féin! / Ar fheabhas ar fad!’, ach tá imeartas focal i gceist fosta mar gheall ar an nasc leis an cheol, téama na seachtaine i mbliana. An féidir leat pictiúr nó stiallghreannán a tharraingt a léireodh an mana sin? (Thiocfadh seo a dhéanamh i ngrúpa.)


Pictiúir:

Cláirseach: Lukassek / Shutterstock.com


meas