Lá Sábháilteacht Idirlín 2026

Dé Céadaoin, an 4ú Feabhra 2026


An raibh a fhios agat go bhfuil an domhan digiteach ag athrú go gasta? Ar an 10ú Feabhra, beimid ag ceiliúradh Lá Sábháilteacht Idirlín 2026. Is é téama na bliana seo ná: "Teicneolaíocht Chliste, Roghanna Sábháilte: An Intleacht Shaorga a úsáid go stuama".


Tá an Intleacht Shaorga (IS) thart orainn i ngach áit sa lá inniu - ó na huaireadóirí cliste a insíonn dúinn faoin mhéid aclaíochta ba chóir dúinn a dhéanamh, go cláir ríomhaire a chuidíonn linn cleachtadh a dhéanamh ar obair scoile, go dtí na cluichí físeáin is nua-aimseartha. Is uirlis iontach í an Intleacht Shaorga, ach caithfidh muid í a úsáid ar an bhealach cheart. Ba chóir dúinn an Intleacht Shaorga a úsáid go stuama.


Ach, cad is ciall le “stuama”. Bhuel, nuair a deirimid go gcaithfidh muid rud a dhéanamh go stuama, ciallaíonn sé sin go gcaithfidh muid é a dhéanamh go ciallmhar cúramach. Is é sin le rá go ndéanaimid machnamh ar an rud atá idir lámha againn, ní thugaimid faoi gan smaoineamh. In ionad gach rud a fheiceann tú ar líne a chreidbheáil láithreach, stad ar feadh bomaite agus smaoinigh: “An bhfuil sé seo fíor?” nó “An bhfuil sé seo sábháilte?”


Cuimhnigh ar na leideanna seo:

  • Ná roinn d’eolas pearsanta le róbait IS nó le strainséirí ar líne.
  • Bí cineálta i gcónaí agus tú ag scríobh teachtaireachtaí.
  • Iarr cuidiú ar dhuine fásta má fheiceann tú rud éigin a chuireann as duit.


Bímis go léir cliste, cineálta, agus thar aon eile, stuama ar líne i mbliana!


Ceisteanna

  1. Cén dáta ar a mbeidh an Lá Sábháilteacht Idirlín ar siúl i mbliana?
  2. Cad é an téarma Gaeilge ar 'Artificial Intelligence'?
  3. Mínigh i d’fhocail féin cad is brí le bheith ‘stuama’ ar líne.
  4. Cad é ba cheart duit a dhéanamh má fheiceann tú rud éigin ar líne a chuireann as duit?
  5. Tabhair dhá shampla de rudaí a úsáideann an Intleacht Shaorga.


Le plé nó le déanamh

  • Dear do Róbat Stuama: Tarraing pictiúr de róbat IS. Scríobh trí riail thábhachtacha thart timpeall air a chuidíonn leis fanacht sábháilte ar an idirlíon (m.sh. "Ní roinnim mo phasfhocal").
  • Fíor nó Bréagach? I ngrúpaí beaga, cruthaigh trí ráiteas faoin idirlíon. Caithfidh an chuid eile den rang buille faoi thuairim a thabhairt an bhfuil an t-eolas sin 'Fíor' nó 'Bréagach'. Pléigh cén fáth nach féidir gach rud ar líne a chreidbheáil.
  • An Meaisín Ama: Smaoinigh ar an bhliain 2030. Cén cineál 'Teicneolaíocht Chliste' a bheidh againn faoin am sin? Scríobh alt gairid faoi agus tarraing léaráid de ghléas nua agus mínigh an dóigh ar féidir é a úsáid go sábháilte.
  • Póstaer an ranga: Cruthaigh póstaer mór don scoil leis an mhana: 'Teicneolaíocht Chliste, Roghanna Sábháilte'. Bain úsáid as dathanna geala agus focail ghníomhacha mar ‘Smaoinigh’, ‘Seiceáil’, ‘Cuidigh’, srl..


meas