Artemis 2

Dé Luain, an 2ú Feabhra 2026


Tá an domhan mór ag amharc ar Ionad Spáis Kennedy in Florida faoi láthair. Tá roicéad ollmhór de chuid NASA ina sheasamh réidh le lainseáil le ceathrar spásairí a thabhairt thart ar an Ghealach. Tá Misean Artemis II faoi lán seoil anois!

An criú: Jeremy Hansen, Christina Koch, Victor Glover agus Reid Wiseman

Den chéad uair le 50 bliain, tá daoine ag dul ar ais i dtreo na Gealaí. Faoi láthair, tá an criú i gcoraintín, sa dóigh nach dtógann siad galar a chuirfeadh moill ar an mhisean. Is foireann speisialta a bheas ag dul ann. Roimhe seo, ní dheachaigh ach fir gheala as Meiriceá go dtí an Ghealach. An iarraidh seo, beidh bean ann, duine as Ceanada, agus duine gorm.

Má bhíonn tú i gcoraintín, ní thig leat teagmháil a dhéanamh le daoine taobh amuigh

Ní thabharfaidh Misean Artemis II cuairt fhada ar an Ghealach – ní mhairfidh an misean ach 10 lá ó lainseáil go dtí teacht ar ais. Turas tástála a bheidh ann. Ní thuirlingeoidh siad ar thalamh na Gealaí ach beidh siad ag eitilt thart uirthi lena chinntiú go bhfuil gach rud ag obair i gceart agus go slán roimh an chéad mhisean eile. Má oibríonn gach rud amach i gceart, beidh Artemis III ag tuirlingt ar an Ghealach féin roimh an bhliain 2030.

Níl an capsúl Orion rómhór. Tá sé ar chúl an chriú anseo.

Caithfidh an criú, Jeremy Hansen, Christina Koch, Victor Glover agus Reid Wiseman, an misean sa chapsúl Orion. Is é seo an spáslong agus áit chónaithe an chriú sa turas.

Tá foireann mhór ag tabhairt tacaíochta don mhisean

Ag an phointe seo, níl dáta cinnte ag NASA, ach beidh siad ábalta tosú ón 6ú Feabhra ar aghaidh. Mura mbíonn an aimsir i gceart, nó má bhíonn fadhb ar bith acu, tá dátaí eile acu i mí Mhárta go dtí mí Aibreáin. Rud amháin atá cinnte, ní rachaidh NASA sa seans mura bhfuil siad iomlán cinnte go mbeidh gach rud slán.

An criú ag traenáil

Má éiríonn le Artemis II, tá súil ag NASA go mbeidh bunáit acu ar an Ghealach, áit a mbeidh daoine ina gcónaí ann. Ach ní hé NASA an chéad dream atá ag iarraidh dul chun na Gealaí. Tá an tSín ag caint ar dhaoine a chur ar an Ghealach faoin bhliain 2030 chomh maith. Anois, tá an spásrás nua tosaithe!


Ceisteanna:

1. Cá bhfuil an roicéad suite faoi láthair?

2. Cá mhéad spásaire atá ag dul ar an turas seo?

3. Cad chuige a bhfuil an criú i gcoraintín ag an bhomaite?

4. An dtuirlingeoidh an criú ar dhromchla na Gealaí an misean seo? Mínigh do fhreagra.

5. Cén t-ainm atá ar an chapsúl ina mbeidh na spásairí ina gcónaí?

6. Cén tír eile, seachas Meiriceá, atá ag iarraidh daoine a chur ar ar an Ghealach faoi 2030?


Le déanamh:

Samhlaigh gur tusa duine de na spásairí (Jeremy, Christina, Victor nó Reid). Scríobh iontráil i do dhialann agus tú sa chapsúl, ag amharc amach an fhuinneog. Thig leat an Domhan a fheiceáil agus tá tú ag éirí níos cóngaraí don Ghealach. Cad é mar a mhothaíonn tú?


Pictiúir:

Gach pictiúr: NASA

Foireann tacaíochta: James Blair – NASA – JSC

Criú agus roicéad: NASA/Kim Shiflett

Roicéad ag bogadh: NASA/Aubrey Gemignani


meas