Lá na nIoraí Rua 2026

Dé Céadaoin, an 21ú Eanáir 2026


Iora rua

Má léann tú ailt ar an ardán seo go rialta, beidh a fhios agat go bhfuil cogadh ar siúl. Cogadh idir an t-iora rua agus an t-iora glas. Ní fíor-chogadh atá ann, ar ndóigh, ach tá an t-iora glas ag brú an iora rua amach as a bhaile le blianta anuas. Tá an scéal chomh holc sin go bhfuil baol ann go n-imeoidh an t-iora rua in éag.

Iora glas

Ní cogadh cothrom atá ann. Tá an t-iora glas níos mó ná an t-iora rua agus is féidir leis spré amach ar fud na tíre. Den chuid is mó, itheann sé an bia céanna is a itheann an t-iora rua, rud a fhágann go mbíonn brú ar an iora rua go leor bia a fháil sna háiteanna a mbíonn an t-iora glas iontu. Chomh maith leis, sin, iompraíonn an t-iora glas galar a mharaíonn go leor de na hioraí rua.

Tá imní ar lucht timpeallachta na hÉireann agus na Breataine faoin iora rua, nó is speiceas dúchasach é. Is ionróir é an t-iora glas a tháinig isteach ó Mheiriceá. Déanann an lucht timpeallachta iarracht áiteanna nua a fháil don iora rua trí chrainn a chur agus ioraí rua a bhogadh iontu, in áiteanna nach bhfuil an t-iora glas. Tugann siad bia sa bhreis dóibh le cuidiú leo socrú isteach san áit nua.

Agus, ar an dea-uair, tá dea-scéala ann faoin iora rua! Tháinig ardú i líon na n-ioraí rua in Albain, ardú de 25% thar 10 mbliana. Tá áthas mór ar an lucht timpeallachta agus tá súil acu go dtiocfadh leo an taoide a thiontú in áiteanna eile chomh maith. Rud eile a chuidíonn leis an iora rua ná an cat crainn. Itheann an cat crainn níos mó ioraí glasa ná ioraí rua. Tá cás an iora rua lag in Éirinn chomh maith ach níl an cath caillte go fóill!

Cat crainn

Má tá spéis agat cuidiú leis an iora rua, tá lá speisialta ann duit le foghlaim faoi, Lá na nIoraí Rua, an 21ú Eanáir.


Ceisteanna:

1. Cén dá chineál iora atá san alt seo?

2. Cá as ar tháinig an t-iora glas ar dtús?

3. Cad é a dhéanann lucht timpeallachta le cuidiú leis an iora rua?

4. Cad é a tharla do líon na n-ioraí rua in Albain le deich mbliana?

5. Cad é a chiallaíonn an frása ‘an taoide a thiontú’ san alt seo?


Le plé:

An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach cuidiú leis an iora rua seachas an t-iora glas? An bhfuil seo cothrom ar an iora glas?


Le déanamh:

Samhlaigh gur tusa ceann de na hioraí rua agus gur tugadh baile nua duit i bhforaois in Albain. Cuir an saol atá agat anois i gcomparáid leis an seansaol a bhí agat.


meas