Béir dheasa

Dé Máirt, an 20ú Eanáir 2026


Cnámha béir

An raibh a fhios agat go raibh béir le fáil uair amháin in Éirinn? Tháinig eolaithe ar chnámha béar a chónaigh anseo suas go dtí 3,000 bliain ó shin. Ach de réir a chéile, mharaigh daoine iad agus bhog siad isteach sna háiteanna a raibh na béir ina gcónaí iontu. Tá na mílte béar ar fáil ar fud na hEorpa go fóill, áfach. Taobh amuigh de na béir bhána san Iorua, is béir dhonna iad na béir eile.

Béar bán

Tá thart ar 13,000 béar donn sa Rómáin agus 3,000 béar sa tSualainn. I dtíortha mar an tSlóvaic, an Fhionlainn, an Eastóin agus an Bhoisnia, tá na mílte acu ina gcónaí. Tá roinnt céadta ina gcónaí i dtíortha in aice linne, sa Fhrainc agus sa Spáinn, mar shampla. De ghnáth, ní bhíonn mórán trioblóide leis na béir. Cé gur féidir leo duine a mharú, is annamh a tharlaíonn sin.

Tá a lán béar sa Rómáin

Tá ceantar amháin i lár na hIodáile ina bhfuil pobal beag béar, thart ar 75 acu. Rud amháin a chonaic eolaithe ná go raibh na béir níos suaimhní le daoine ná béir eile. Nuair a d’amharc siad ar na géinte, chonaic siad go raibh má marcóirí ann le bheith níos suaimhní.

Is ainmhí fiáin é an béar

Is ainmhithe fiáine iad na béir agus ní thig leat iad a shuaimhniú go furasta. Cad chuige a bhfuil na béir san áit seo chomh suaimhneach, mar sin? Thar na blianta, is dócha, mharaigh daoine na béir a rinne ionsaí orthu agus mhair na béir a bhí suaimhneach. De réir a chéile, d’éirigh an pobal béar níos suaimhní. Na béir a bhí ábalta bheith beo le daoine, sin na béir a mhair.

Donnacha agus Ríonach in Éire Fhiáin

Más maith leat béar beo a fheiceáil, tá roinnt bheag acu ar fáil in Éirinn, ar ndóigh, i zúnna agus páirceanna mar ‘Éire Fhiáin/Wild Ireland’. Sa pháirc sin, atá suite i nDún na nGall, tá dhá bhéar a shábháil an t-úinéir. Bhí saol crua ag Donnacha agus Ríonach ach tugadh go hÉirinn iad agus tá saol sona acu anois.

Tá saol sona ag na béir in Éire Fhiáin


Ceisteanna:

1. Cá mhéad bliain ó shin a bhí béir ina gcónaí in Éirinn?

2. Cad é a tharla do na béir in Éirinn de réir a chéile.

3. Cén cineál béir is coitianta san Eoraip?

4. De réir an ailt, cén tír a bhfuil an líon is mó béar ann san Eoraip?

5. Ainmnigh dhá thír eile san Eoraip a bhfuil béir ina gcónaí iontu.

6. An mbíonn béir contúirteach san Eoraip, de ghnáth?


Le déanamh:

Aimsigh gach tír atá luaite sa téacs san atlas.

Lig ort gur tusa ceann de na béir a chónaíonn in ‘Éire Fhiáin’, Donnacha nó Ríonach. Cum scéal faoi do shaol. Cén sórt saoil a bhí agat sular tháinig tú go hÉirinn? Cén sórt saoil atá agat anois i gcomparáid leis an seansaol?


meas