Saol gairid an Bhainisteora

Déardaoin, an 8ú Eanáir 2026


Seachtain chorraitheach sa sacar a bhí sa tseachtain seo. Tugadh bata agus bóthar do thrí bhainisteoir mhóra agus ceapadh beirt nua. Duine amháin de na bainisteoirí sin, níor mhair sé mórán níos mó ná mí.

Enzo Maresca

Ba é Enzo Maresca, Bainisteoir Chelsea, an chéad duine a chaill a phost. Bliain go leith a bhí aige sa phost ach thit sé amach le bord an chlub, cé gur bhain Chelsea Corn Domhanda na gClubanna in éadan Paris Saint-Germain anuraidh. Go díreach sular imigh sé, dúirt sé nach raibh go leor tacaíochta aige sa chlub. Níor fhan an club ró-fhada le teacht ar bhainisteoir nua, Liam Rosenior, a bhí mar bhainisteoir ar Strasbourg go dtí seo.

Liam Rosenior

Ní raibh ach 14 mhí ag Ruben Amorim ag Manchain Aontaithe sular bhris an bord as a phost é. Níor éirigh go maith leis ar an pháirc – níor bhain sé ach 24 cluiche as 63. Ach bhí rud eile i gceist, chomh maith. Thit sé amach go poiblí le bord an chlub agus an treo a raibh sé ag dul. Go deimhin, tugadh ‘príomhchóisteálaí’ air seachas ‘bainisteoir’ agus dúirt sé gur chóir go mbeadh post an Bhainisteora aige. Ní bheidh deifir ar bhord Mhanchain Aontaithe duine nua a cheapadh agus seasfaidh Darren Fletcher isteach go sealadach idir an dá linn.

Bhí Manchain Aontaithe ag caint le Ole Gunnar Solskjaer

Cé nár bhain Wilfried Nancy ach 2 chluiche as ochtar mar Bhainisteoir ar na Ceiltigh, bhí iontas ar go leor daoine gur thug an bord an sac dó i ndiaidh 33 lá. Ba é an cluiche deireanach aige ná an cluiche in éadan Rangers. Bhí na Ceiltigh cúl chun tosaigh sa chéad leath ach chaill siad 1-3 sa deireadh. Shiúil cuid mhaith de shlua na gCeilteach amach le linn an chluiche agus bhí fearg ar chuid mhaith acu leis an bhord as ceapachán Nancy. Bhí áthas ar a lán acu ina dhiaidh, áfach, nuair a fógraíodh gurb é Martin O’Neill, iar-bhainisteoir an chlub, a dhéanfaidh an jab go dtí deireadh na bliana.

Martin O’Neill

Fadhb amháin atá ag na trí chlub seo ná go raibh a lán bainisteoirí acu i dtréimhse ghairid. D’fhág sé sin nach raibh mórán seans ag na bainisteoirí iad féin a chruthú i gceart ná córas nua a bhunú.

Amuigh: Ruben Amorim


Ceisteanna:

1. Cén spórt atá i gceist san alt seo?

2. Cá mhéad bainisteoir a fuair an sac?

3. Cén club a raibh Enzo Maresca ag bainistiú?

4. Cé a ceapadh mar bhainisteoir nua Chelsea?

5. Cén club a raibh Ruben Amorim ag obair leis?

6. Cé a bheidh mar bhainisteoir sealadach ar Mhanchain Aontaithe?

7. Cá fhad a mhair Wilfried Nancy sa phost?

8. Cé a ceapadh mar bhainisteoir nua na gCeilteach?


Le plé:

An gcailleann bainisteoirí a bpost go ró-ghasta? Ní bhfuair Nancy ach 33 lá! An leor mí a thabhairt do dhaoine lena dtriail i bpost nua? Cá mhéad ama ba chóir a thabhairt do bhainisteoir, dar leat?


An mbíonn barraíocht brú ar bhainisteoirí an lae inniu, dar leat? An smaoiníonn an bord ar chluichí a bhaint go ró-luath? Arbh fhearr dóibh smaoineamh ar an fhoireann a fhorbairt de réir a chéile?


Luaigh muid roinnt dóigheanna le ‘post a chailleadh’ a rá sa téacs. Déan iad uilig a chuardach agus scríobh amach iad.


Pictiúir:

Ruben Amorim: daykung / Shutterstock.com

Chelsea: Mikolaj Barbanell / Shutterstock.com

Enzo Maresca: Mikolaj Barbanell / Shutterstock.com

Martin O’Neill: MaciejGillert / Shutterstock.com

Ole Gunnar Solskjaer: Cosmin Iftode / Shutterstock.com

Slua na gCeilteach: JacobHughes / Shutterstock.com


meas