Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is seanfhocal é seo ar ghnách le daoine fásta é a úsáid agus iad ag iarraidh rud éigin a choinneáil rúnda, dá mbeadh páistí sa seomra. Sa seanfhocal seo, is iad na páistí na muca, agus tugann na cluasa móra le fios go mb’fhéidir go mbeadh siad ag éisteacht le caint na ndaoine fásta! Mar sin, is rabhadh é an seanfhocal seo, a chiallaíonn bí cúramach, seans go bhfuil na páistí ag éisteacht!
I nGaeilge, bainimid úsáid as an réamhfhocal ar agus muid ag caint ar rudaí atá ar an taobh amuigh den chorp.
Mar shampla, dá mbeifeá ag cur síos ar an eachtrán seo, thiocfadh leat a rá:
…tá dhá cheann air, tá lámha air, tá ceithre chluas air, tá gruaig air.
Baineann an riail chéanna le gnáthrudaí fosta – teach, mar shampla…
Tá díon air, tá simléar air agus…tá fuinneoga agus doirse air!
Tá na rudaí seo uilig ar an taobh amuigh den teach.
Tá seanfhocal eile ann atá iontach cosúil leis an cheann thuas agus thig leat é a úsáid ar an dóigh chéanna, mar rabhadh, le comhairle a chur ar chara a bheith cúramach faoin mhéid a deir sé nó sí, ar eagla go mbeadh duine eile ag éisteacht…bíonn cluasa ar na claíocha.
Bíonn cluasa ar na claíocha
Is focal eile ar sconsa nó balla, go fiú, é claí – seo an teorainn idir dhá pháirc nó idir an pháirc agus an bóthar. Is é an chiall atá leis ná – bí cúramach, nó ní bheadh a fhios agat cé a bheadh i bhfolach sa chlaí agus é ag éisteacht leat!
Cluasa ar Chlaíocha um Nollaig…
Ag an am seo den bhliain, bhí sé de nós riamh anall ag tuismitheoirí rabhadh rud beag cosúil leis seo a thabhairt dá gcuid páistí. Dúirt siad leo a bheith cúramach faoina gcuid iompair mar go raibh sióg de chuid Dhaidí na Nollag i bhfolach áit éigin thart faoin teach, ag éisteacht leo agus ag amharc orthu, ar eagla go mbeadh siad dalba nó dána.
Ní bheadh a fhios agat cé a bheadh ag amharc má dhéanann tú rud dalba um Nollaig – níor mhaith leat bheith ar an liosta dána!
Luaigh muid an Bhreatnais agus an Nollaig in alt na Céadaoin. Bhuel, rinne tuismitheoirí sa Bhreatain Bheag an rud céanna. Sa Bhreatnais, ba ghnách le daoine ‘Siôn Corn’ a thabhairt ar an tsióg bheag seo. (Tá an focal corn againne sa Ghaeilge fosta – corn ar ghnách leo deoch a ól amach as sa seanam, nó corn mar ghléas ceoil.)

Sa Bhreatain Bheag, tá ciall bhreise leis an fhocal ‘corn’ – simléar. Mar sin, ciallaíonn Siôn Corn Seán an tSimléir – sióg bheag a fhanann sa simléar, ag cúléisteacht le páistí. Ar bhealach, thiocfadh leat a rá gurbh é Siôn Corn an chéad ‘sióg ar an tseilf’!
Siôn Corn – an chéad ‘sióg ar an tseilf’?
Thar am, thosaigh na páistí sa Bhreatain Bheag a úsáid ainm Siôn Corn mar ainm Dhaidí na Nollag féin. Agus anois, is é Siôn Corn an t-ainm a thugann páistí na Breataine Bige ar Dhaidí na Nollag.
Tugann gach duine* Siôn Corn ar Dhaidí na Nollag anois
Ceisteanna le freagairt
🐷 Sa seanfhocal, más iad na muca beaga na páistí, cad chuige, dar leat, a bhfuil cluasa móra orthu?
🐷 Mínigh an téarma réamhfhocal i do chuid focal féin. An dtig leat smaoineamh ar thrí réamhfhocal eile?
🐷 Cén seanfhocal eile atá iontach cosúil le ‘Bíonn cluasa móra ar mhuca beaga’?
🐷 Cad é an rud claí?
🐷 Cé hé Siôn Corn? Luaigh dhá rud.
Déan plé
‘Níor cheart go mbeadh scéalta faoi ‘shióga ag cúléisteacht’ de dhíth le go mbeadh páistí dea-mhúinte um Nollaig.’
Cad é do bharúil ar an ráiteas sin?
