Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An maith leat bheith ag súgradh le Pléascóga na Nollag? Is seantraidisiún de chuid na Nollag iad.
Bíonn spraoi agus iontas ag baint leo. De ghnáth, cuirtear iad ar an tábla in aice le gach pláta, roimh dhinnéar na Nollag.

Sula dtosaíonn daoine ar an dinnéar a ithe, déanann siad na pléascóga a tharraingt óna chéile.

Taobh istigh, faigheann tú trí rud: hata páipéir, bréagán beag nó bronntanas, agus scéal grinn. Caitheann daoine na hataí agus iad ag ithe agus bíonn siad ag gáire faoi na scéalta grinn.

Cuireadh tús leis an nós Nollaigiúil seo breis agus 150 bliain ó shin. Fuair siad an t-ainm “pléascóga” mar go mbíonn “pléasc” bheag ann nuair a scoilteann siad. (I mBéarla, tugtar “crackers” orthu mar is í “craic” an fhuaim a chloistear nuair a bhíonn siad á dtarraingt.)

Ach cad chuige a ndéanann siad an phléasc agus an “chraic”? Bhuel, bíonn stiall thanaí chárta taobh istigh iontu ar a bhfuil píosa beag de phúdar pléascach (cosúil le tine ealaíne beag bídeach).

Ceist mhór an lae inniu, áfach, ná, ar cheart dúinn leanúint leis an traidisiún seo? De réir cosúlachta, níl an nós seo maith don timpeallacht ar chor ar bith! Déantar cuid mhór de na pléascóga Nollag a bhíonn ar díol sna siopaí as ábhair nach féidir a athchúrsáil (amhail gealra agus scragall).

Ar a bharr sin, bíonn na bréagáin bheaga déanta as plaisteach agus, de ghnáth, caitear iad sa bhruscar i ndiaidh Lá Nollag. Rud a chiallaíonn go gcríochnaíonn siad sa dumpa, áit a gcuireann siad le truailliú an talaimh.

Ach, tá bealach againn daoibh leis an chraic agus an spraoi a bhaineann leis na pléascóga a choinneáil ag dul - Déan bhur bpléascóga féin as ábhair atá in-athchúrsáilte. Tá treoracha againn thíos le cuidiú libh.

An Bealach le do Phléascóg Nollag Féin a Dhéanamh
De dhíth:
Treoracha:
Anois tá do Phléascóg Nollag féin agat!
Jócanna Nollag
Ceisteanna
Tascanna breise
“Ba chóir dúinn deireadh a chur le traidisiún Phléascóga na Nollag mar gheall ar an dochar a dhéanann siad don chomhshaol.”
Rólanna: Grúpa ar son an rúin (ag aontú) agus grúpa in aghaidh an rúin (ag easaontú).