Nollaí

Dé Céadaoin, an 10ú Nollaig 2025

Beidh Nollaí le feiceáil Dé Domhnaigh, an 14ú Nollaig


Gheobhaidh páistí in Éirinn agus in Cymru (an Bhreatain Bheag) bronntanas speisialta ar an teilifís an Nollaig seo – scannán speisialta Nollag ina dteanga féin! Tá an scannán seo speisialta mar gur comhfhiontar é seo idir TG4, BBC TÉ, agus S4C, an cainéal Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Seo an chéad uair riamh a d’oibrigh comhlachtaí teilifíse as an dá thír le chéile le scannán mar seo a dhéanamh.

Tháinig 3 chomhlacht teilifíse le chéile leis an scannán seo a dhéanamh


Fáth eile a bhfuil sé speisialta ná go ndearnadh é i nGaeilge ar dtús (nó sa Bhreatnais má chónaíonn tú sa Bhreatain Bheag) – ní i mBéarla. (De ghnáth, déantar na scannáin mhóra i mBéarla ar dtús agus aistrítear go Gaeilge nó go Breatnais iad ina dhiaidh sin.) Mar sin, is scannán Nollag fíorspeisialta atá ann, a rinneadh go speisialta daoibhse!

Síleann Nollaí gur ‘fia mór na mbeann’ atá ann…


Cnámharlach fhia mór na mbeann – mhair siad in Éirinn níos mó ná 12,000 bliain ó shin

Le Franco Atirador, CC BY-SA 2.5, trí Wikimedia Commons

An chuma a bhí ar an fhia mhór, dar le healaíontóir


Nollaí an t-ainm atá ar an phríomhcharachtar sa scannán – is fia é, gnáth-fhia, is cosúil… Ach, creideann Nollaí go bhfuil seans ann gur ‘fia mór na mbeann’ atá ann. Bhíodh fianna móra na mbeann beo in Éirinn na mílte bliain ó shin, roimh an oighearaois dheireanach. Síleann Nollaí gurb eisean an fia mór deireanach atá fágtha ar domhan! 

Stoca, Nollaí agus Sadhbh


Le cuidiú ó Shadhbh, ‘an duine’ s’aige, agus ó Stoca, sciathán leathair beag a bhfuil dúil mhór aige sa Nollaig, imíonn Nollaí leis an fhírinne a aimsiú! Beidh an scannán le feiceáil ar TG4 agus ar Chúla 4 ar 5.05pm ar an 14ú Nollaig. Craolfar é ag an am céanna ar S4C sa Bhreatain Bheag. (Craolfar é ar 6.40pm ar BBC2 TÉ.)


Deirtear gur teangacha Ceilteacha iad an Ghaeilge agus an Bhreatnais, nó Cymraeg mar a thugann siad féin uirthi. Tá an dá theanga gaolta lena chéile. Tá na rialacha gramadaí sa dá theanga thar a bheith cosúil lena chéile agus thig linn cosúlachtaí a thabhairt faoi deara idir cuid de na focail fosta. 

Mar shampla, tá teach mór (nó tigh mór, i gCúige Mumhan) againne, agus tŷ mawr ag na Breatnaigh. Agus tugann na Breatnaigh ‘y tŷ bach’ nó an teach beag ar an leithreas!

Deir muidne ‘Nollaig Shona’, deir na Breatnaigh ‘Nadolig Llawen’.

Deir na Breatnaigh blwyddyn newydd dda agus deir muidne bliain úr mhaith!



Réamhbhlaiseadh de Nollaí


Gach pictiúr ón scannán Nollaí ó phreaseisiúint TG4


Ceisteanna le freagairt

🎁 Cad chuige a bhfuil an scannán Nollaí speisialta? Luaigh dhá chúis.

🎁 Cén sórt ainmhí é Nollaí?

🎁 Cad chuige nach bhfuil aon fhianna móra na mbeann fágtha in Éirinn?

🎁 Cén dá theanga ina ndearnadh an scannán seo ar dtús?

🎁 Cad é an ceangal atá idir an Ghaeilge agus an Bhreatnais?


Le plé

🎄 Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach, dar leat, go ndearnadh an scannán seo i nGaeilge ar dtús, agus nach aistriúchán é?



meas