Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bíonn Lá Chearta an Duine á cheiliúradh ar fud an domhain gach bliain ar an 10ú Nollaig, Dé Céadaoin na seachtaine seo. Is lá speisialta é seo le smaoineamh ar rud iontach tábhachtach – tá cearta ag gach duine, is cuma cé hiad, cén aois atá acu, cén dath craicinn atá orthu, cá as iad nó fiú cén teanga a labhraíonn siad.

Cad é a chiallaíonn ‘cearta an duine’?
Is rialacha simplí iad cearta an duine ach is rialacha iontach bunúsach iad chomh maith. Baineann siad leis an dóigh a gcaitheann daoine leat féin agus le daoine eile. Deir siad gur chóir caitheamh le gach duine le meas, cothromas agus dínit. Seo thíos liosta de rudaí atá i gceist:
• An ceart a bheith sábháilte
• An ceart dul ar scoil
• An ceart bia, uisce agus áit chónaithe a bheith agat
• An ceart gan bulaíocht a bheith déanta ort
• An ceart tuairim a bheith agat
Scríobhadh na cearta seo síos sa bhliain 1948 sa cháipéis ‘Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine’. Tá tábhacht leis an fhocal ‘uilechoiteann’ a chiallaíonn ‘do gach uile dhuine’. Ní féidir duine ar bith a fhágáil ar lár.

Cad é an tábhacht atá le Lá Chearta an Duine?
Sa chéad dul síos, ní chreideann gach duine go bhfuil na cearta céanna ag GACH duine. Níl gach duine cothrom go fóill agus is gá dúinn troid sa dóigh go mbeidh siad. Cuidíonn an lá linn foghlaim faoin dóigh le meas a bheith againn ar dhaoine eile. Chomh maith leis sin, spreagann sé muid dul i ngleic le bulaíocht, ciníochas agus éagóir.

Cad é is féidir leatsa a dhéanamh?
Thig le gach duine difear a dhéanamh. Seo roinnt smaointe:
• Bí cineálta le gach duine ar scoil
• Éist le tuairimí gach duine – fiú mura n-aontaíonn tú leo
• Má fheiceann tú bulaíocht áit ar bith, abair é le do mhúinteoir
• Foghlaim faoi thíortha agus cultúir eile.

Is é aidhm Lá Chearta an Duine 2025 go mbeidh domhan níos cothroime, níos cineálta agus níos sábháilte ann do GACH duine. Má chaitheann tú le daoine go measúil, tá seans maith ann go gcaithfidh siadsan leat go measúil chomh maith.

Ceisteanna:
1. Cén dáta a mbíonn Lá Chearta an Duine ann gach bliain?
2. Cad é a chiallaíonn ‘uilechoiteann’?
3. Cad iad na cúig cheart atá luaite sa téacs?
4. Cad é ba chóir a dhéanamh má fheiceann tú bulaíocht?
5. Luaigh 3 rud is féidir leatsa a dhéanamh le tacú le cearta an duine.
Le plé:
An rud tábhachtach é meas a bheith againn ar GACH duine? Cad é mar a mhothófá dá mbeadh daoine míchothrom leatsa?
Cad é an ceart is tábhachtaí dar leat. Déan liosta. Is féidir leis an rang vóta a dhéanamh.