Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is tréimhse speisialta í an Aidbhint a thosaíonn thart ar 4 seachtaine roimh an Nollaig. Tugann sí seans do dhaoine ullmhú don lá mór go spioradálta. Baineann an Nollaig le breith Íosa agus sin an chiall atá leis an fhocal ‘Nollaig’, breith. Tagann an focal ‘Aidbhint’ ón Laidin agus ciallaíonn sé ‘teacht’.

Tugann an Aidbhint seans dúinn:
• bheith cineálta agus cuidiú le daoine eile
• am a chaitheamh lenár dteaghlach
• ullmhú don Nollaig ar bhealach suaimhneach agus sona

Cuireann daoine na maisiúcháin in airde sa tréimhse seo, mar aon leis an chrann Nollag. Déanann daoine Fleasc Aidbhinte. Bíonn cúig choinneal sa fhleasc, ceithre choinneal thart uirthi agus ceann sa lár. Gach Domhnach, lastar coinneal nua ar feadh tamaill go dtí an ceathrú Domhnach. Ansin, ar Oíche Nollag, nó Lá Nollag, lastar iad uilig, an choinneal sa lár san áireamh. Is siombail den dóchas roimh bhreith Íosa iad na coinnle seo.
Féilire Aidbhinte
Is maith le páistí na féilirí Aidbhinte. De ghnáth, tosaíonn na féilirí ar an 1ú Nollaig agus bíonn bosca beag taobh thiar den fhuinneog do gach lá. Uaireanta, bíonn píosa seacláide sa bhosca, nó bronntanas beag nó teachtaireacht dheas. Osclaíonn na páistí fuinneog amháin gach lá go dtí an Nollaig.
Crann Nollag
Go traidisiúnta, ní bhíonn cead ag daoine maisiúcháin a chur in airde go dtí tús na hAidbhinte. Shíl daoine go mbeadh mí-ádh ann dá gcuirfeadh siad an crann Nollag in airde roimh an dáta sin. Críochnaíonn an Aidbhint ar an oíche roimh an Nollaig, ‘Oíche Nollag’. Is minic a thosaíonn daoine an Nollaig ar an oíche roimh ré le cóisir bheag nó béile speisialta.

Mar sin, má tá tú ar bís faoin Nollaig, thig leat tosú ar an ullmhúchán go hoifigiúil Dé Domhnaigh, an 30ú Samhain!

Ceisteanna:
1. Cad é an chiall atá leis an fhocal ‘Nollaig’?
2. Cad é an chiall atá leis an fhocal ‘Aidbhint’?
3. Cá mhéad coinneal a bhíonn ar an Fhleasc Aidbhinte?
4. Cad é a dhéanann páistí leis an fhéilire Aidbhinte?
5. Cá huair a chríochnaíonn Aidbhint?
Le plé:
An dtosaíonn an Nollaig ró-luath na laethanta seo? Bíonn maisiúcháin Nollag le feiceáil sna siopaí díreach i ndiaidh Oíche Shamhna. An rud maith é sin, dar leat?
Mar ghrúpa, déan liosta de na dóigheanna a dtig linn bheith cineálta le daoine eile.
An bhfuil traidisiún ag do theaghlach le linn na hAidbhinte? Déanaigí liosta sa rang de na traidisiúin uilig atá ag daltaí.
Traidisiún amháin a bhaineann leis an Aidbhint ná cártaí Nollag a scríobh. Ar ghlac tú páirt inár gcomórtas cártaí Nollag? Tuilleadh eolais anseo.

Pictiúir:
Breith Íosa: Giorgios G / Shutterstock.com