Comórtas na gCártaí Nollag, 2025

Dé Luain, an 24ú Samhain 2025


Tá an comórtas oscailte arís i mbliana!



Déan cárta Nollag agus seol isteach chugainn é!

Thig leat an cárta a tharraingt de láimh nó thig leat é a dhéanamh ar an ríomhaire. 

Má dhéanann tú an cárta ar an ríomhaire, seol go díreach chugainn tríd an ríomhphost é: nuacht@aisaonad.org.


Má tharraingíonn tú an cárta de láimh, molaimid é a dhéanamh ar leathanach bán A4. Glac grianghraf de nó déan é a scanadh (seans go mbeidh ort cuidiú a fháil ón mhúinteoir) agus seol isteach chugainn é ag nuacht@aisaonad.org.

Déan do dhícheall pictiúr maith den chárta a fháil, le go dtig linn na mionsonraí a fheiceáil i gceart (b’fhéidir go mbeadh sé ina smaoineamh an cárta a leagan síos ar leathanach bán A3?).


Ar ndóigh, dá mb’fhearr leat an cárta a sheoladh tríd an ghnáthphost chugainn, glacfaidh muid le cártaí ar an dóigh sin fosta!*

NuachtAnois

f/ch an Áisaonaid

Coláiste Ollscoile Naomh Muire

191 Bóthar na bhFál,

Béal Feirste BT 12 6FE

Contae Aontroma


Beidh muidne ag amharc ar cheithre rud leis na buaiteoirí a roghnú:

🎄    Aois agus rang an duine a rinne an cárta

🎄    An Ghaeilge atá in úsáid sa chárta

🎄    An obair ealaíne sa chárta

🎄    An tsamhlaíocht taobh thiar den chárta

Gheobhaidh an buaiteoir 20 cóip den chárta s’aige / s’aici, le go mbeidh sé nó sí ábalta ceann a thabhairt do gach duine sa teaghlach nó sa rang!

Caithfidh tú na cártaí a chur chugainn roimh 3pm, Dé Céadaoin, an 10ú Nollaig, 2025.

Ádh mór oraibh!


meas