Is trom cearc i bhfad!

Dé hAoine, an 21ú Samhain 2025

Tá a fhios againn uilig nach éan rómhór í an chearc. Bheadh sí measartha furasta a thógáil agus a iompar ó thaobh amháin den seomra go dtí an taobh eile. Bheadh thart ar 2kg de mheáchan i gcearc mhór – sin dhá mhála siúcra, nó buidéal uisce 2 lítear…thiocfadh linn uilig sin a thógáil, is dócha. Thiocfadh le feirmeoir mór é a iompar go furasta!

Bheadh 2kg meáchain i gcearc mhór


Ach samhlaigh an chearc sin a iompar nóiméad iomlán, nó dhá nóiméad. Samhlaigh siúl ar scoil leis an chearc nó siúl go dtí an siopa léi – bheadh ualach trom agat gan aon dabht!

Furasta a iompar ach an dtiocfadh leat siúl ar scoil léi?


Is féidir an seanfhocal seo a úsáid i gcás fíor-rudaí a bheadh le hiompar agat – dá rachfá ar shiúlóid le do theaghlach agus dá mbeifeá ag iarraidh bréagán a thabhairt leat, mar shampla. Bheadh sé furasta a iompar ag an tús, ach bheifeá tinn tuirseach de ag deireadh na siúlóide!

Bíonn sé iontach doiligh do chuid buarthaí a iompar thart leat féin, gan cuidiú a fháil


Ach tá ciall níos doimhne ag baint leis an seanfhocal seo fosta. Baineann seo le rud éigin a bheadh ag déanamh buartha duit, go fiú rud measartha beag. Mura ndéanann tú rud ar bith faoi nó mura ndéanann tú iarracht labhairt le duine éigin leis an scéal a réiteach nó a dhéanamh níos fearr, éireoidh an t-ualach níos troime má choinníonn tú agat féin é ar feadh i bhfad. Ná hiompair leat féin é – bíonn daoine ann le cuidiú leat i gcónaí!


Is éan feirme í an chearc, ar ndóigh. Tugaimid ‘coileach’ ar an éan fireann agus tugaimid sicíní ar na hóga. Is maith le cuid mhór daoine feoil an tsicín a ithe – is féidir circeoil a thabhairt ar an fheoil sin (cearc + feoil). In amanna, tugtar ‘cearc fhrancach’ ar an turcaí.

Sicín le Google Inc.

Má amharcann tú ar chearca nó ar shicíní, bíonn siad i gcónaí ag bogadh thart, ag cuardach bia ar an talamh. Má deir tú go bhfuil ‘tinneas na circe’ ar dhuine éigin, ciallaíonn sé nach dtig leis an duine fanacht socair, san aon áit amháin – nach dtig leis stopadh de bheith ag bogadach!


Le plé/le déanamh

🐔 An dtig leat smaoineamh ar rud éigin (fíor-rud) measartha éadrom a raibh ortsa é a iompar bealach fada nó tamall fada agus a d’éirigh iontach trom?

🐔 An dtig libh smaoineamh ar rudaí eile a mbeadh meáchan 2kg nó meáchan 1kg iontu? Cá fhad ba mhaith libh na rudaí sin a iompar? Déan buille faoi thuairim agus tóg roinnt rudaí sa seomra ranga a mheasann tú a mbeadh 2kg nó 1kg de mheáchan iontu. Ansin, cuir ar mheá iad lena meáchan a thomhas. An raibh do bhuille faoi thuairim ceart?

🐔 Mar rang – déanaigí liosta de na cineálacha daoine a dtig linn labhairt leo má bhíonn rud éigin ag déanamh buartha dúinn.


meas