Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Dé hAoine seo caite, bhí seanfhocal againn: ‘Ní hé lá na báistí lá na bpáistí’. Mar a tharlaíonn, inniu, an 20ú Samhain, Lá Domhanda na bPáistí! Lá atá ann le cuidiú le páistí – léiríonn sé na deacrachtaí a bhíonn ag páistí agus molann sé dóigheanna ar féidir tacú leo. In amanna, déanann daoine fásta dearmad ar na deacrachtaí a bhí acu féin nuair a bhí siadsan ina bpáistí. Chomh maith leis sin, bíonn deacrachtaí difriúla ag páistí sa lá inniu ná mar a bhí ann fadó.

Tugann Lá Domhanda na bPáistí guth do na páistí labhairt faoin saol atá acu agus faoi na rudaí ba mhaith leo lena saol a dhéanamh níos fearr. Mar shampla, bíonn brú ar pháistí mar gheall ar ghutháin phóca. Is féidir bulaíocht a dhéanamh leo agus, in amanna, caitheann daoine barraíocht ama orthu. Ar fud an domhain, bíonn deacrachtaí ag páistí. Ní bhíonn cuid acu ábalta dul ar scoil cionn is nach bhfuil scoil acu. Nó bíonn orthu obair a dhéanamh in ionad am a chaitheamh ag súgradh. Páistí eile, ní bhíonn go leor bia acu nó áit le dul a luí.
Níl go leor bia ag na páistí seo in Gaza
Téann an lá seo chomh fada siar le 1954 nuair a chuir na Náisiúin Aontaithe tús leis. Ar an lá seo sa bhliain 1959, ghlac na Náisiúin Aontaithe le rud iontach tábhachtach – liosta de chearta an pháiste. Den chéad uair, d’aithin tíortha an Domhain go raibh cearta speisialta ag páistí. Chomh maith leis sin, leag siad amach cosaintí do pháistí agus mhol siad cúram ar leith a dhéanamh díobh.

Bhí am ann nuair nár éist daoine fásta le páistí ach tá sin athraithe anois. Is é téama Lá na bPáistí i mbliana ná ‘Mo lá, mo chearta’. Spreagfaidh an téama seo daoine fásta le héisteacht le taithí na bpáistí lena fháil amach an bhfuil na cearta uilig ag gach páiste. Sin gach duine a bhíonn ag plé le páistí – tuismitheoirí agus cúramóirí, múinteoirí, altraí agus dochtúirí, polaiteoirí agus comhlachtaí gutháin phóca.

Is iad páistí an lae inniu, ar ndóigh, a bheidh i mbun an Domhain nuair a bheidh siad fásta. Nach ciallmhar go n-éisteann daoine leo anois?

Ceisteanna:
1. Cén eagraíocht a chuir tús le Lá Domhanda na bPáistí i 1954?
2. Ainmnigh trí shampla de na deacrachtaí a bhíonn ag páistí ar fud an domhain.
3. Ainmnigh ceithre dhuine a a bhíonn ag plé le páistí, dar leis an téacs?
4. Cén dáta a mbíonn Lá Domhanda na bPáistí gach bliain?
Le déanamh:
Níl cás gach páiste mar an gcéanna i ngach áit ar domhan. Léigh an t-alt seo faoin dóigh a mbíonn cúrsaí scoile difriúil acu.
Tá drochdhóigh ar pháistí Gaza faoi láthair. Déan cuardach ar na hailt anseo agus scríobh cuntas ar an chineál saoil atá acu.
Pictiúir:
Gaza: Anas-Mohammed / Shutterstock.com
Páistí ag léirsiú: Thomas Eddy / Shutterstock.com