Seachtain Feasachta na Tíreolaíochta 2025

Dé Luain, an 17ú Samhain 2025


Aimsir, tírdhreach agus an domhan thart orainn! Ar smaoinigh tú riamh ar cé chomh hiontach is atá an pláinéad ar a bhfuilimid? Gach rud atá thart orainn, talamh, gach rud faoin talamh, an fharraige, an t-aer agus an aimsir agus fiú na daoine agus na cultúir éagsúla a roinneann an Domhan linn – baineann na rudaí sin uilig leis an tíreolaíocht.

Agus, ar eagla nach bhfuil tú iomlán ar an eolas faoi na rudaí iontacha seo, tá seachtain speisialta ann leis an tíreolaíocht a chur chun cinn – Seachtain Feasachta na Tíreolaíochta. Is seachtain í ina gcuirimid eolas ar an tíreolaíocht.

Tosaíonn an tseachtain an lá inniu agus tugann sí deis do scoileanna, mar aon leis an phobal, níos mó a fhoghlaim faoin tíreolaíocht. Le linn na seachtaine seo, spreagtar páistí agus daoine fásta le spéis a chur sa tíreolaíocht — an eolaíocht a dhéanann staidéar ar ár bpláinéad. Agus is féidir leat spraoi a bhaint as an fhoghlaim seo! Seo roinnt samplaí de rudaí a rinne daoine go dtí seo:

    • Léarscáil a dhéanamh de do cheantar féin. Cuir isteach an scoil, an pháirc, do theach féin mar aon le rud ar bith eile atá spéisiúil.

    • Ná déan dearmad ar an aer! Déan taifead ar an aimsir agus amharc ar an dóigh a n-athraíonn sí ó lá go lá.

    • Foghlaim faoi thíortha eile. Roghnaigh tír ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi agus scríobh síos fíricí a bhaineann léi. Roghnaigh tír atá i bhfad ar shiúl, an Bhrasaíl, mar shampla, nó tír atá in aice linn, an Fhrainc, cuir i gcás.

    • An dúlra a chaomhnú. Déan iarracht bheith níos cairdiúla don timpeallacht – déan athchúrsáil, siúil in ionad carr a úsáid, agus tabhair aire don nádúr.

Is áit álainn í an Bhrasaíl

Cad chuige a bhfuil feasacht ar an tíreolaíocht chomh tábhachtach sin? Cuidíonn tíreolaíocht linn ár dtuiscint ar an domhan a mhéadú, ár bpláinéad a chosaint, agus meas a bheith againn ar éagsúlacht an tsaoil. Má thuigimid an Domhan, is féidir linn aire níos fearr a thabhairt dó!,

Ceisteanna:

1. Cad é an rud é tíreolaíocht?

2. Cad chuige a bhfuil Seachtain Feasachta na Tíreolaíochta ann?

3. Luaigh dhá shampla de gníomhaíochtaí atá molta sa téacs.

4. Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach aire a thabhairt don nádúr?

5. Cad is ciall leis an fhrása ‘éagsúlacht an tsaoil’? Tabhair samplaí.


Le plé:

Cad iad na bealaí ar féidir le daoine óga cuidiú leis an phláinéad? In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de na cúig rud is fearr. Is féidir le daoine sa ghrúpa vóta a dhéanamh. Ansin, thiocfadh leis an rang na roghanna a chur le chéile. Is féidir leis an rang vóta a dhéanamh ar na cúig rud is tábhachtaí don rang.


meas