Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Oileán álainn Iamáice
An tseachtain seo caite, bhuail stoirm mhór oileán álainn Iamáice. Tugadh Hairicín Melissa ar an stoirm seo agus bhí sé ar an hairicín ba mhó a bhuail an tír seo i Muir Chairib riamh. Bhí gaotha chomh láidir sin gur thóg siad díonta ó thithe, gur bhris siad crainn, agus gur scar siad línte leictreachais ar fud na tíre. Chóir a bheith an t-oileán ar fad, tá sé scriosta.
Déanann hairicíní dochar mór do thithe beaga
Cad é an rud é hairicín, mar sin? Is stoirm iontach láidir é hairicín agus bíonn sé cosúil le tonn mhór ghaoithe agus fearthainne a chasann thart i gciorcal. Tosaíonn hairicín i bhfarraige atá te. Éiríonn an t-aer te in airde agus tagann aer fuar isteach agus déanann sé stoirm. Cionn is go mbíonn an Domhan ag rothlú, tosaíonn an stoirm ag rothlú. Fásann an hairicín má bhíonn an t-uisce thíos faoi te go leor. Ar an drochuair, bíonn teas an uisce níos airde na laethanta seo mar gheall ar an téamh domhanda.

Bhain Hairicín Melissa Catagóir 5 amach agus é amuigh san fharraige agus bhí gaoth chomh láidir le 295km san uair aige nuair a bhuail sé an t-oileán. Fadhb amháin leis an hairicín ná go raibh sé ag bogadh go hiontach mall. Nuair a shroich sé an talamh, dhumpáil sé an t-uisce a bhí aige ar an oileán, an oiread fearthainne a thiteann i gceann bliana, de ghnáth, taobh istigh de chúpla lá! Fuair ar a laghad 28 duine bás ar Iamáice agus rinneadh a lán damáiste in áiteanna eile sa cheantar, i gCúba agus in Háítí chomh maith.
Fiú cúpla lá roimh an hairicín, bhí gaoth mhór ann
Tá na daoine in Iamáice ag fanacht anois le cuidiú ó thíortha eile ach tá sé deacair rudaí a thabhairt isteach mar gheall ar an damáiste a rinneadh ar na haerfoirt. Is iad bia, uisce agus pubaill na rudaí is mó atá de dhíth. Ach ní rudaí a bhíonn de dhíth i gcónaí. Tá foireann speisialta ar a mbealach ó Éirinn – foireann madaí a chuardaíonn daoine atá gafa faoi na foirgnimh atá tite.

Bíonn héileacaptair de dhíth nuair nach mbíonn na bóithre ar oscailt
Cuidíonn madaí le daoine a chuardach
Ceisteanna Fíricí
1. Cén catagóir a bhain Hairicín Melissa amach?
2. Cé chomh gasta agus a bhí an ghaoth?
3. Cá mhéad duine a fuair bás in Iamáice?
4. Cén dá thír eile atá luaite sa téacs a ndeachaigh an stoirm i bhfeidhm orthu?
Le plé:
Sa téacs, rinne muid liosta beag de na rudaí is mó a bheadh de dhíth ar dhaoine a chaill gach rud sa hairicín. In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de na rudaí a thabharfadh sibh isteach le cuidiú leis na daoine.
Beidh sé deacair cuidiú a thabhairt do dhaoine in áiteanna iargúlta nó beidh cuid mhaith de na bóithre druidte. Smaoinigh ar dhóigheanna a dtiocfadh leat cuidiú le daoine a bhfuil sé deacair teacht orthu.
Le déanamh:
Foghlaim tuilleadh faoin téamh domhanda anseo.
Pictiúir:
Daoine cois farraige: V Drone / Shutterstock.com
Buidéil uisce: Fotos593 / Shutterstock.com
Héileacaptar: Fotos593 / Shutterstock.com