Fadhb na bPuimcíní

Dé Máirt, an 4ú Samhain 2025

Ar chuir sibh maisiúcháin na Samhna ar ais chuig an áiléar?


Bhuel, sin deireadh le hOíche Shamhna go ceann bliain eile. Tá na cultacha uilig sna cófraí arís agus maisiúcháin na Samhna uilig bainte anuas. Ní fada anois go mbeidh maisiúcháin na Nollag in airde againn – tá siad in airde sna siopaí cheana féin! Ach tá gné amháin de cheiliúradh na Samhna nach dtig linn ‘a chur ar shiúl’ go furasta – na puimcíní!

Cad é ba cheart dúinn a dhéanamh leis na puimcíní i ndiaidh Oíche Shamhna – iad a chaitheamh amach?


Achan bhliain in Éirinn, ceannaíonn daoine na milliúin puimcín. Scríobann siad bia an phuimcín amach agus gearrann siad cruth aghaidhe nó cruth scáfar eile air. Ansin, cuireann siad coinneal isteach ann le laindéar a dhéanamh. 

Is féidir síolta an phuimcín a thriomú agus a ithe agus tugaimid bia an phuimcín ar an stuif taobh istigh – an stuif a chaithimid ar shiúl!


Ba ghnách le daoine laindéir Shamhna a dhéanamh as tornapaí


Is iad na Gaeil a thosaigh nós gearrtha amach na bpuimcíní. Sa seanam, ba ghnách le daoine tornapaí a úsáid le laindéir scáfara a dhéanamh ag an tSamhain. Nuair a d’imigh na Gaeil ar imirce go Meiriceá, ní raibh an oiread sin tornapaí ann ach bhí neart puimcíní ann agus d’úsáid daoine na puimcíní lena laindéir Shamhna a dhéanamh. Tugann na Meiriceánaigh ‘Jack-o’-Lantern’ ar na laindéir a dhéantar as puimcíní. Gach seans gur tháinig sé seo ó sheanscéal Éireannach faoi Sheáinín an Laindéir – thig leat é a léamh anseo (tá sé rud beag deacair…faigh cuidiú!).

Seáinín an Laindéir – d’imir sé cleas ar an diabhal agus níor lig an diabhal isteach san ifreann é! Bhí air siúl tríd an domhan san oíche agus laindéar déanta as tornapa aige! (Nó déanta as 🎃, más Meiriceánach thú!)


Ar an drochuair, caitheann an chuid is mó againn bia an phuimcín sa bhruscar. Is cur amú é seo nó is féidir go leor rudaí blasta a dhéanamh le puimcíní. Tarlaíonn an dara cur amú i ndiaidh Oíche Shamhna, nó i gcuid mhór tithe, sin nuair a chaithimid an chuid eile den phuimcín sa bhruscar.

Ach má tá an puimcín go fóill ann sa teach s’agatsa – tá cúpla smaoineamh againn leis an mhéid atá fágtha de a athchúrsáil…


🎃 Déan beathadán éan den phuimcín. Gearr é ina dhá leath agus cuir sreangacha tríd lena chrochadh ar chrann nó ar sconsa. Líon é le síolta do na héin (taitníonn síolta puimcín le héin fosta). Thiocfadh leat cúpla cipín adhmaid a bhrú isteach ann le go dtig leis na héin seasamh orthu.

Beathadán éan


🎃 Úsáid an puimcín mar phota bláthanna nó mar phota le glasraí eile a fhás. 

Úsáid an puimcín mar phota le rudaí eile a fhás


🎃 Má chónaíonn tú ar fheirm (agus má tá sicíní agat…) – úsáid an puimcín mar bhia do na sicíní!

An bhfuil sicíní agat? Beidh dúil mhór acu sa phuimcín!


🎃 Déan an puimcín a mhúiríniú* – tá na puimcíní líon lán mianraí agus nuair a bhristear síos iad, cuidíonn siad go mór le rudaí eile a fhás.

Cuir an puimcín sa charn múirín


🎃 Is fíor go dtig le cuid mhór ainmhithe eile, seachas éin, puimcín a ithe. Tá vitimíní agus mianraí sa phuimcín a dhéanann maitheas dóibh. ACH má tá tú ag smaoineamh ar do phuimcín a chaitheamh sa choill, nó taobh thiar den chlaí – ná déan é! Tá ainmhí amháin in Éirinn nach dtig léi puimcíní a ithe, nó éiríonn sí tinn – an ghráinneog. Mar sin, in áit é a chaitheamh ar shiúl, cuir an puimcín faoin talamh. Brisfidh cuiteoga agus feithidí beaga faoin talamh síos é agus déanfaidh sé maitheas don talamh.

Ná fág an puimcín áit a bhfaigheadh gráinneog é – cuireann puimcíní tinneas ar ghráinneoga!


Mínigh…

I do chuid focal féin, mínigh:

🎃 An rud is laindéar ann.

🎃 An rud is bia an phuimcín ann.


Ceisteanna le freagairt

  1. Cén t-am den bhliain a gceannaíonn daoine puimcíní?
  2. Cad é a dhéanann daoine leis an phuimcín Oíche Shamhna, de ghnáth?
  3. Cé a thosaigh an nós de bheith ag gearradh aghaidheanna i dtornapaí nó i bpuimcíní?
  4. Cén fáth ar thosaigh daoine de bheith ag úsáid puimcíní in áit tornapaí?
  5. Cén t-ainm a thugann na Meiriceánaigh ar na laindéir a dhéantar as puimcíní?
  6. Cad é a dhéanann formhór na ndaoine le bia an phuimcín?
  7. Luaigh trí bhealach le puimcíní a athúsáid tar éis Oíche Shamhna.
  8. Cén fáth nach ceart puimcín a chaitheamh taobh thiar den chlaí nó sa choill?
  9. Cén t-ainmhí in Éirinn nach dtig leis puimcíní a ithe?
  10. Cad é a tharlaíonn don phuimcín má chuireann tú faoin talamh é?


Le plé

🎃 Cén fáth, dar leat, a gcaitear an oiread sin puimcíní amach gach bliain?

🎃 ‘Ní maith le hÉireannaigh bianna nua a thriail agus sin an fáth a gcuirtear cuid mhór puimcíní amú gach bliain.’ An aontaíonn tú leis an ráiteas sin? Cén fáth?

🎃 Seans go bhfuil sé rómhall i mbliana ach an smaoineoidh tú ar do phuimcín a athchúrsáil ar an bhliain seo chugainn? Cad é a dhéanfaidh tú leis agus cén fáth?


meas