Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Inniu, cuirimid tús le Seachtain na Cainte ar Airgead. Bíonn an tseachtain seo ann gach bliain ag tús mhí na Samhna. Le linn na seachtaine seo, bíonn fógraí ann lenár n-aird a dhíriú ar chúrsaí airgid.
.jpg)
An chúis atá taobh thiar den imeacht seo ná le cuidiú linn a bheith ag foghlaim faoi airgead agus a thuiscint cén fáth a bhfuil sé tábhachtach.

Inniu, ba mhaith liom sibh a chur ag smaoineamh faoi dhá ghné den topaic seo, ach go háirithe: airgead a shábháil agus airgead a choinneáil in áit atá sábháilte.

Nuair a bhíonn tú ag sábháil airgid, ciallaíonn sé sin nach gcaitheann tú do chuid airgid ar rudaí láithreach bonn. Ina áit sin, coinníonn tú é do rud speisialta níos moille – mar shampla, bréagán nua, turas nó fiú bronntanas do dhuine eile!

Le bheith maith ag sábháil airgid, caithfidh tú bheith ábalta smaoineamh go cúramach ar cad é atá fíor-thábhachtach duit. Ar an dóigh sin, ní bheidh tú ag caitheamh gach pingine atá agat ar na rudaí ba mhaith leat go díreach.
.jpg)
Anois, má bhíonn tú maith ag sábháil airgid, an dara rud a chaithfidh tú smaoineamh air, ná cá háit a gcuirfidh tú do chuid airgid? Ba cheart duit é a chur in áit atá sábháilte. Thiocfadh leat do chuid airgid a choinneáil i sparán, i mbosca taisce sa bhaile, nó fiú i gcuntas bainc do pháistí. Ach, ná déan dearmad d’airgead a choinneáil go sábháilte!

Mar sin de, tosaigh ag caint – le do mhúinteoir, do chairde agus do theaghlach – faoi na bealaí ar féidir leat aire mhaith a thabhairt do do chuid airgid!
🧠 Ceisteanna:
🗪 Le plé agus le déanamh ✍️:
A mhúinteoirí, tá ceachtanna agus acmhainní úsáideacha ar chúrsaí airgid le fáil ó CCEA anseo agus anseo.