Seachtain na Disléicse 2025

Dé Máirt, an 7ú Deireadh Fómhair 2025


Ar thug tú faoi deara go bhfuil cnaipí ag barr an leathanaigh seo? Ceann amháin acu, deir sé ‘Radharc disléicse-chairdiúil’. Má bhrúnn tú air, beidh tú ábalta an téacs a léamh le cúlra buí agus le cló speisialta. Tá sé ann le cuidiú le daoine a bhfuil disléicse orthu. Agus le Seachtain na Disléicse ann an tseachtain seo, is fiú aird a dhíriú uirthi.

Cad é an rud é disléicse, mar sin? Ar mhothaigh tú riamh go raibh sé doiligh focail a léamh nó a litriú? Má mhothaigh, b’fhéidir go bhfuil ‘disléicse’ ort – ach ná bí buartha! Ní bhaineann disléicse le cé chomh cliste atá duine. Baineann sí leis an dóigh a n-oibríonn d’inchinn agus an dóigh a ndéanann sí rudaí mar léamh agus scríobh.

Inchinn an duine

Más maith leat, thiocfadh leat amharc ar inchinn gach duine mar uirlis cheoil. Bíonn gach inchinn ag seinm ar bhealach difriúil. Le disléicse, ní bhíonn an inchinn ag aithint litreacha agus fuaimeanna ar an dóigh chéanna is a dhéanann daoine eile. In amanna, bíonn sé cosúil le litreacha ag bogadh thart ar an leathanach, nó b’fhéidir go dtógann sé níos mó ama an focal a thuiscint.

Uirlisí ceoil

Cad é mar is féidir le daoine rudaí a fhoghlaim, mar sin? Bíonn a mbealach féin ag daoine, bíonn siad cruthaitheach, smaoiníonn siad taobh amuigh den bhosca agus bíonn siad maith le rudaí eile mar cheol, ealaín, spórt nó eolaíocht.

Ag léamh le cluasáin

Tugann Seachtain na Disléicse seans dúinn níos mó a fhoghlaim faoin disléicse agus ar dhóigheanna ar féidir cuidiú le daoine a bhfuil sí orthu. Tá bealaí éagsúla le cuidiú leo, mar shampla:


• Léamh le cluasáin nó le ríomhaire

• Cláir speisialta ar scoil

• Cúntóirí ranga a chuidíonn le focail agus fuaimeanna a chleachtadh

Tá a lán daoine clúiteacha a bhfuil disléicse orthu:


    • Albert Einstein, an fisiceoir clúiteach;

    • Whoopi Goldberg, an t-aisteoir;

    • Tom Cruise, an t-aisteoir.

Whoopi Goldberg

Má tá disléicse ort, ná bíodh náire ort. Ná lig di srian a chur le do bhrionglóidí. Foghlaimíonn gach duine ar a luas féin, agus is fiúntach an rud é do bhealach féin a thuiscint agus a úsáid. Tá d’inchinn speisialta — díreach mar atá tú féin!


Ceisteanna

    1. Cén fáth a bhfuil cnaipe ag barr an leathanaigh a deir ‘Radharc disléicse-chairdiúil’?

    2. Cad a tharlaíonn má bhrúnn tú an cnaipe sin?

    3. Cad é an rud é disléicse?

    4. An mbaineann disléicse le cé chomh cliste is atá duine?

    5. Cad é is féidir a tharlú do na litreacha ar an leathanach i súile duine le disléicse?


Gníomhaíochtaí:

Bain triail as an chnaipe ‘Radharc disléicse-chairdiúil’. Bain triail as an alt a léamh ar an dóigh sin. Seans gur bhain tú úsáid as an ghuthú ar an téacs. In amanna, cuidíonn sé le daoine a bhfuil disléicse orthu.


Dear póstaer a léiríonn go mbíonn gach duine difriúil agus bíonn siad cumasach ar a ndóigh féin. Bain úsáid as dathanna geala agus abairtí a thugann spreagadh do gach duine.


Pictiúir:

Whoopi Goldberg: lev radin / Shutterstock.com



meas