Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá an Astráil déanta de 6 stát. Cónaíonn níos mó daoine in New South Wales ná mar a chónaíonn i stát ar bith eile (sin an áit a bhfuil cathair Sydney).
Tá páistí scoile in New South Wales, san Astráil, le bota comhrá speisialta a fháil le cuidiú leo lena gcuid oibre ar scoil. Is cineál de chúntóir nó cuiditheoir ar líne é an bota comhrá seo, agus beidh sé ar fáil do pháistí ag barr na bunscoile agus sa mheánscoil. Tugann an rialtas NSWEduChat ar an bhota comhrá agus beidh na páistí ábalta teacht air ar líne ar ríomhairí scoile agus go fiú ar a gcuid táibléad pearsanta féin.
Cuideoidh an bota comhrá leis na páistí teacht ar eolas ar líne
Úsáideann botaí comhrá an intleacht shaorga le do chuid ceisteanna a fhreagairt. Ach tá an bota comhrá seo rud beag difriúil. Ní thabharfaidh sé na freagraí duit nó ní dhéanfaidh sé an obair duit. Cuideoidh sé leatsa, áfach, do chuid smaointeoireachta féin a dhíriú mar is ceart le go dtiocfaidh tú ar na freagraí duit féin!
Ní fíor-róbat atá ann, ar ndóigh, is ríomhchlár comhrá é
Tabharfaidh sé leideanna, ceisteanna agus smaointe duit le cuidiú leat do chuid oibre a phleanáil agus a scríobh. Cuirfidh sé ceisteanna ort le cuidiú leat dul siar ar rudaí agus iad a fhoghlaim. In áit an intleacht shaorga a úsáid le freagraí a thabhairt duit, cuideoidh sé leatsa d’intleacht féin a fhorbairt agus úsáid níos fearr a bhaint aisti.
Cuideoidh an bota comhrá leis na páistí rudaí a oibriú amach dóibh féin
Tugaimid botaí comhrá ar na ríomhchláir seo mar go dtig leo freagairt do na ceisteanna s’againn, agus do na rudaí a scríobhaimid, ar bhealach iontach daonna – mar a bheifeá ag caint le fíordhuine. Tá siad ríomhchláraithe go speisialta le freagraí cuidiúla a thabhairt dúinn agus le comhrá cairdiúil a dhéanamh linn. Ach ag deireadh an lae, caithfidh muid a chuimhneamh nach cairde iad – níl ann ach ríomhchlár!
Ní na botaí comhrá ‘fíor’, tá siad ‘fíorúil’ – níl iontu ach cód ríomhaire
Má deir tú leis an bhota comhrá scoile seo, ‘Ar mhaith leat bheith mar chara agam?’ – míneoidh sé duit, go cairdiúil, nach bhfuil ann ach ríomhchlár agus nach dtig leis bheith mar chara ceart ag duine ar bith. Míneoidh sé duit, má bhíonn tú buartha faoi rud éigin nó má bhíonn comhairle de dhíth ort, gur cheart duit labhairt le fíordhuine, duine a mbeadh muinín agat as nó aisti. Cara scoile nó múinteoir nó tuismitheoir, mar shampla.
Tá an teicneolaíocht úsáideach ach tá sé iontach tábhachtach caidreamh, spórt agus spraoi a bheith againn le fíordhaoine fosta!
Is foghlaim iontach tábhachtach é seo fosta, nó níor cheart dúinn ligean don teicneolaíocht áit an chairdis a ghlacadh inár saol. Bíonn sé tábhachtach am saor a ghlacadh ar shiúl ón scáileán, le bheith ag idirghníomhú le fíordhaoine. (Agus, gan bheith cosúil leis an fhear as Meiriceá anuraidh a chuir ceiliúr pósta ar bhota comhrá!)
An féidir le bota comhrá bheith ag súgradh san fhearthainn leat?
Ceisteanna le freagairt
1. Cén áit san Astráil a mbeidh an bota comhrá seo ar fáil do pháistí?
2. Cad is ainm don bhota comhrá atá á thabhairt isteach ag rialtas na hAstráile?
3. An ndéanfaidh an bota comhrá obair bhaile na bpáistí? Mínigh do fhreagra.
4. Luaigh dhá bhealach a gcuideoidh an bota comhrá seo leis na páistí.
5. Úsáid do luchóg nó do mhéar le míniú a fháil ar an fhocal ghlas saorga sa téacs. An dtig leat saorga a úsáid in abairt de do chuid féin?
6. Cén fáth nach féidir leis an bhota comhrá bheith mar chara ceart ag páiste?
7. Cé hiad na daoine a dtiocfadh leat labhairt leo má bhíonn tú buartha faoi rud éigin?
8. Cén fáth, dar leis an téacs, nach ceart dúinn ligean don teicneolaíocht áit an chairdis a ghlacadh?
Pointí Plé
🤖 Ní dhéanfaidh an bota comhrá seo an obair duit, an fiú é a bheith ann ar chor ar bith? Mínigh do fhreagra.
🤖 Cad iad na difríochtaí idir comhrá le ríomhaire agus comhrá le fíor-chara?
🤖 Cad iad na rudaí spraíúla nó tábhachtacha a dhéanann cairde nach féidir le ríomhaire a dhéanamh?
🤖 Cé acu ab fhearr leat, bota comhrá a thabharfadh na freagraí duit nó bota comhrá a chuideodh leat na freagraí a fháil duit féin? Mínigh do fhreagra. An síleann tú go bhfuil contúirtí ar bith ag baint leis an chéad rogha?
🤖 An síleann tú go mbeadh cibear-chúntóir scoile úsáideach i scoileanna na hÉireann? Mínigh do fhreagra.