Gaeilge ar na sráideanna

Dé Máirt, an 23ú Meán Fómhair 2025


Cuid den slua, Dé Sathairn

Bhí lucht na Gaeilge ar na sráideanna ag an deireadh seachtaine. Tháinig thart ar 25,000 duine go Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, le léirsiú a dhéanamh ar son na Gaeilge. Bhí idir pháistí, thuismitheoirí, mhúinteoirí agus cheoltóirí ag máirseáil agus ceithre éileamh acu:

Léirsitheoirí i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn


1. Tuilleadh airgid don teanga agus don Ghaeltacht.

2. Tithe do dhaoine sa Ghaeltacht.

3. Seans a bheith ag páistí oideachas Gaeilge a fháil.

4. Cearta teanga a bheith ag Gaeilgeoirí.

Is áit speisialta í an Ghaeltacht, áit a labhraíonn cuid mhór den phobal Gaeilge lena chéile. Tá fadhb faoi leith ann, áfach, nó níl go leor tithe ar fáil don phobal agus ní féidir leis na daoine óga fanacht san áit. ‘Cearta’ an téama a bhí leis an mhórshiúl agus chaith a lán daoine éadaí dearga leis an mhana ‘Dearg le fearg’ orthu.

Dearg le fearg

Níorbh é seo an chéad mhórshiúl ar son na Gaeilge ach ba é an chéad cheann le níos mó ná 10 mbliana san ardchathair. Bhí bratacha, meirgí, ceol agus amhráin ann. Bhí daoine ag glaoch amach le guth ard gur gá don dá Rialtas – ó thuaidh agus ó dheas – an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint.

Agus bhí rud amháin eile le feiceáil le linn an lae, mar atá, ‘spraoi’. Bhí daoine ann le sult a bhaint as an lá. Bhí gach duine gealgháireach agus iad ag seasamh an fhóid ar son na Gaeilge. Léirigh siad go raibh pobal na Gaeilge láidir agus sásta seasamh le chéile. Is cinnte gur ardaigh an lá féinmhuinín phobal na Gaeilge.

Ní raibh gach duine ábalta bheith i láthair ar an lá, áfach, agus d’eagraigh roinnt scoileanna imeacht dá gcuid féin le tacaíocht a thaispeáint don mhórshiúl.

Bhí go leor ceoil ann ag deireadh an mhórshiúil


Le plé:

In bhur ngrúpaí, scríobhaigí liosta de na rudaí is tábhachtaí leis an Ghaeilge a chosaint, dar libh. Ansin, mar rang, déan liosta tosaíochtaí de na rudaí is tábhachtaí, dar leis an rang. Thiocfadh vóta a bheith ann, más maith libh.


Le do chara, smaoinigh ar áiteanna nach féidir libh Gaeilge a úsáid iontu go fóill. Scríobhaigí amach na trí cinn is tábhachtaí, dar libh.


meas