Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is tír thar a bheith spéisiúil é Meicsiceo. Tá sé suite ó dheas de na Stáit Aontaithe agus tá stair fhada aige. Tá thart ar 130 milliún duine ina gcónaí ann, meascán de dhaoine ón Eoraip, a labhraíonn Spáinnis, agus pobail dhúchasacha a bhí ina gcónaí sa tír rompu. Ar na pobail atá ann tá Máighigh, Sapaiteicigh agus Nahua agus tá a dteangacha féin acu go fóill.
Bíonn lá speisialta ag Meicsiceo gach bliain, ‘Lá Mheicsiceo’ a bhíonn ar siúl ar an 16ú Meán Fómhair. Tugtar ‘Día de la Independencia’ ar an lá seo nó ‘Lá na Saoirse’. Is é seo an lá a cheiliúrann muintir Mheicsiceo an tús a cuireadh lena saoirse ó rialtas na Spáinne breis agus 200 bliain ó shin.
Tosaíonn an scéal thiar sa bhliain 1810 nuair a d’iarr sagart darbh ainm Miguel Hidalgo ar na daoine an fód a sheasamh agus troid ar son na saoirse. Thug sé óráid chlúiteach ag iarraidh na daoine a spreagadh le páirt a ghlacadh sa réabhlóid. Tugtar ‘El Grito de Dolores’ (Gáir Dolores) ar an óráid seo, nó tharla sé i mbaile Dolores. Faoin bhliain 1821, bhain Meicsiceo saoirse amach ón Spáinn.
Dealbh de Miguel Hidalgo
Sa lá inniu, bíonn ceiliúradh mór ann ar Lá na Saoirse. Bíonn paráidí, ceol, damhsaí agus tinte ealaíne i ngach cathair agus baile. Bíonn bia speisialta ann agus gléasann daoine in éadaí ildaite. An oíche roimh ré, ar an 15ú Meán Fómhair, bailíonn daoine le chéile in áit lárnach sa chathair nó sa bhaile agus léann duine tábhachtach an óráid, ‘El Grito’ amach.
Bíonn bia Meicsiceach acu ar an lá
Ní hamháin gur rud stairiúil é an lá seo ach tugann sé deis do mhuintir Mheicsiceo bród a léiriú as a dtír, as a dteangacha agus as a gcultúir. Is dóigh mhaith é le daoine a thabhairt le chéile.
Ceisteanna
1. Cén dáta a bhíonn Lá Mheicsiceo?
2. Cé a thug an óráid chlúiteach?
3. Cad a tharla sa bhliain 1821?
4. Cad a dhéanann daoine ar Lá na Saoirse?
Gníomhaíochtaí
An bhfuil ócáid agat féin ba mhaith leat a cheiliúradh, rud éigin sa bhaile nó ar scoil (Lá Spóirt, mar shampla, nó Lá na Leabhar)? Scríobh cúpla abairt faoi cé chomh tábhachtach a bhí sé duit agus an dóigh ba mhaith leat é a cheiliúradh. Déan pictiúr den cheiliúradh chomh maith.
Bratach Mheicsiceo
Pictiúir:
Miguel Hidalgo: CarlosR / Shutterstock.com