Turtair agus toirtísí

Dé hAoine, an 23ú Bealtaine 2025


Inniu Lá Domhanda na dTurtar. Lá atá ann le haird a dhíriú ar na turtair agus ar na bagairtí atá ann dóibh anois.


Agus cad iad na bagairtí sin? Bhuel, tá meath ar líon na dturtar ar fud an domhain mar gheall ar rudaí cosúil le hathrú aeráide agus truailliú. Ar an drochuair, is muidne, na daoine, is mó is cúis le meath na dturtar. Cruthaíonn muidne an plaisteach. Is é sin an chúis leis an truailliú atá ag scriosadh ghnáthóga na dturtar.

(turtar)


An raibh a fhios agat go bhfuil na toirtísí i dteaghlach na dturtar fosta? Agus an bhfuil tú ábalta na difríochtaí idir turtair agus toirtísí a liostú? Bhuel, tá 6 dhifríocht eatarthu. Déan iarracht smaoineamh orthu anois. Ansin scrollaigh síos le seiceáil a dhéanamh ar do chuid freagraí.

(toirtís)


  • Bíonn na turtair ina gcónaí san uisce den chuid is mó - bíodh sin i loch, in abhainn nó san fharraige. Ní maith leis na toirtísí uisce, áfach, ach amháin é a ól nó le hiad féin a ní. Mar sin de, bíonn na toirtísí ina gcónaí ar an talamh. (Caitheann an turtar formhór a shaoil san uisce.)


  • Is luibhiteoirí iad na toirtísí, ach is uiliteoirí iad na turtair. Itheann na turtair feithidí agus éisc bheaga chomh maith le plandaí. (Is luibhiteoirí iad na toirtísí - itheann siad plandaí amháin) 


  • Cuireann na turtair a mblaosc uathu le ceann úr a fhás. Ní chuireann na toirtísí a mblaosc uathu ach fásann siad ceann eile ar bharr an tseanchinn. Mar sin de, éiríonn blaosc na toirtíse iontach tiubh agus crua le haois. (seanbhlaosc a bhí ag turtar sular chuir sé uaidh é)


  • Tá blaosc an turtair sruthlíneach. Ar an dóigh sin, bíonn an turtar ábalta bogadh tríd an uisce go furasta agus go gasta. Ach bíonn cruth cruinn ar bhlaosc na toirtíse. 
     (Bíonn blaosc sruthlíneach ag turtar) 
    (Bíonn blaosc cruinn ag toirtís)

  • De ghnáth, maireann na toirtísí i bhfad níos faide na mar a mhaireann na turtair. Maireann turtair idir 5-50 bliain, ach is féidir le toirtís maireachtáil a fhad le 200 bliain!  (Sna hOileáin Galapagos maireann na hOlltoirtísí go dtí go mbíonn siad níos mó ná 100 bliain d'aois!)


  • De ghnáth, bíonn na toirtísí le fáil in aeráid the, ach is féidir na turtair a aimsiú áit ar bith ar domhan (seachas in Antartaice). (Turtar i loch i Tbilisí, sa tSeoirsia) 


Ceisteanna le freagairt

  1. Cad chuige a bhfuil Lá Domhanda na dTurtar ann?
  2. Cén dá rud atá ag déanamh dochar do na turtair ar fud an domhain?
  3. Cé is mó is cúis leis an dochar atá á dhéanamh do ghnáthóga na dturtar?
  4. Cén áit a gcónaíonn na turtair de ghnáth?
  5. Cén áit a gcónaíonn na toirtísí de ghnáth?
  6. Cad é a itheann na toirtísí?
  7. Cad é a itheann na turtair?
  8. Cad é a tharlaíonn do bhlaosc an turtair nuair a fhásann sé?
  9. Cad é a tharlaíonn do bhlaosc na toirtíse nuair a fhásann sí?
  10. Cén cruth atá ar bhlaosc an turtair agus cén fáth?
  11. Cén cruth atá ar bhlaosc na toirtíse?
  12. Cé acu a mhaireann níos faide, turtar nó toirtís?
  13. Cá fhad a mhaireann turtar de ghnáth?
  14. Cá fhad is féidir le toirtís maireachtáil?
  15. Cá háit ar féidir turtair a aimsiú?


Le plé nó le déanamh

🐢 Cad chuige a maireann na toirtísí níos faide ná na turtair i do bharúil?

🐢 An dtig leat / le do rang smaoineamh ar ainmhithe eile agus iad a rangú i dtrí liosta - luibhiteoirí, feoiliteoirí agus uiliteoirí.

🐢 An féidir leat / le do rang smaoineamh ar ainmhithe eile a bhfuil corp “sruthlíneach” orthu? Cén dóigh a gcuidíonn cruth a gcoirp leo bogadh níos gasta?

🐢 Cad chuige nach mbíonn turtair le fáil in Antartaice, do bharúil?

🐢 Ar cheart turtar nó toirtís a choinneáil mar pheata, meas tú? Cad iad na hargóintí ar son agus in éadan peata a dhéanamh de thurtar nó de thoirtís?



baruil