Tine i dTeach an Phobail

Déardaoin, an 22ú Bealtaine 2025



Tá paróiste Ghaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Tá clú ar Ghaoth Dobhair mar gheall ar chuid mhór rudaí difriúla…

Na daoine deasa cairdiúla agus an Ghaeilge bhinn bhlasta a labhraíonn siad.

An ceol agus an cultúr – Altan agus Mairéad Ní Mhaoinigh, Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus Amharclann Ghaoth Dobhair – seo thuas Altan ar an ardán

Na radhairc ghalánta, an Earagail agus Gleann Nimhe, Bád Eddie, na tránna bána agus na radhairc amach chuig na hoileáin. Seo thuas Bád Eddie (nó an méid atá fágtha de) agus an Earagail sa chúlra


Ach thart ar mhí ó shin, tarraingíodh aird na tíre ar Ghaoth Dobhair mar gheall ar rud eile. Go moch ar maidin ar an 21ú Aibreán, Luan Cásca, chuaigh eaglais Ghaoth Dobhair, Teach Pobail Mhuire, le tine. Spréigh an tine go gasta agus dódh an eaglais go talamh. Bhí pobal Ghaoth Dobhair croí-bhriste nó bhí áit lárnach ag an teach pobail seo i saol an pharóiste.

Teach Pobail Mhuire, mar a bhí roimh an tine



Pictiúr den scrios a rinne an tine maidin Luan Cásca

Pic le caoinchead Joe Dunne


Seo an áit a dtagann gach duine sa pharóiste le páistí a bhaisteadh, lena gcéad chomaoineach a dhéanamh, le dul faoi lámh an Easpaig, le pósadh, agus le slán a chur le cairde agus le daoine muinteartha nuair a fhaigheann siad bás. Seo an áit a dtagann an pobal ar fad le chéile le hamharc ar na buíonta ceoil i ndiaidh an Aifrinn ar Lá Fhéile Pádraig agus Domhnach na Cásca. Mar a dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, ‘ní hé amháin gur teach pobail é seo, is é seo Teach an Phobail’.

Bhí ról lárnach ag an teach pobail i gcuid mhaith gnéithe de shaol an phobail


Seanteach pobail Mhuire. Stad an pobal de bheith ag úsáid na heaglaise seo in 1972.


Ní hé seo an chéad uair a bhuail tragóid Teach Pobail Mhuire. Tógadh an teach pobail seo ar thalamh ard in 1972 ach, roimhe sin, bhain na daoine úsáid as sean-teach pobail Mhuire. Tá an seanteach pobail go fóill ann ach tá sé ar thalamh níos ísle, thart an coirnéal ón teach pobail nua. Ar an 15ú Lúnasa, 1880, bhí slua ar Aifreann sa teach pobail. Bhí fearthainn iontach trom ann an lá sin agus tháinig tuile isteach. Bádh 5 daoine sa teach pobail, buachaill altóra 13 bliana d’aois san áireamh. Sin ceann de na fáthanna ar tógadh an teach pobail nua ar thalamh níos airde.

Tháinig an tuile aniar aduaidh ar na daoine






Ní raibh mórán uilig de chearta ag gnáthdhaoine in Éirinn an t-am sin. Bhí orthu cíos a íoc leis an Tiarna Talún nó thiocfadh leis iad a chaitheamh amach as a dteach


9 mbliana ina dhiaidh sin, tharla tragóid eile sa teach pobail. Ag an am, bhí saol iontach crua ag na daoine thart ar cheantar Ghaoth Dobhair. Ba le Tiarnaí Talún Sasanacha cuid mhaith den talamh in Éirinn ag an am agus níor chaith go leor acu go deas leis na gnáthdhaoine. Rinne sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Mór Mac Pháidín, iarracht cearta níos fearr a fháil do na gnáthdhaoine. Domhnach amháin, tháinig fear péas darbh ainm William Martin chuig an teach pobail leis an Athair Mac Pháidín a ghabháil. Tharraing Martin a chlaíomh amach agus shíl na daoine go raibh sé ag dul a mharú an tsagairt. Bhí troid ann agus, sa deireadh, ba é an Máirtíneach a fuair bás.



Ar an dea-uair, tá spiorad láidir ag muintir Ghaoth Dobhair agus tá siad breá cleachta le bealaí difriúla a aimsiú le deacrachtaí an tsaoil a shárú agus le fadhbanna a réiteach, síos tríd na blianta. Shocraigh siad go mbaileodh siad airgead leis an teach pobail a thógáil arís. Go dtí seo, 4 seachtaine i ndiaidh na tragóide, tá níos mó ná €150,000 bailithe acu! Guímid uilig go léir ‘ádh mór’ ar a gcuid iarrachtaí.

Tá bailiúchán airgid ar líne tosaithe ag an phobal ar an suíomh ‘Go Fund Me’


Amharc agus Éist

Amharc ar fhíseán a rinne Molscéal TG4 faoi Theach Pobail Mhuire agus éist leis an Athair Ó Fearraigh ag cur síos ar an tragóid.

Amharc ar an fhíseán anseo.


Le plé / le déanamh

🔥 Áit iontach tábhachtach a bhí sa teach pobail seo do chuid mhór daoine i nGaoth Dobhair. Cruthaigh ‘léarscáil mhothúchánach’ leis an dóigh a raibh muintir Ghaoth Dobhair ag mothú a léiriú ag céimeanna éagsúla san alt seo i.e. roimh an tine, nuair a chuala siad an scéal, nuair a chonaic siad an scrios, nuair a shocraigh siad go mbaileodh siad airgead le teach pobail nua a thógáil.


🔥 Cad é an áit is tábhachtaí i do cheantar féin nó i do phobal féin. Cén sórt mothúcháin a bheadh ortsa agus ar dhaoine eile sa phobal dá dtarlódh rud ar bith don áit sin?


Freagair na ceisteanna seo a leanas:

  1. Cén dáta ar ar tharla an tine i dTeach Pobail Mhuire i nGaoth Dobhair?

  2. Cén fáth a raibh an teach pobail chomh tábhachtach don phobal? Luaigh 3 rud.

  3. Cad a tharla sa seanteach pobail in 1880?

  4. Cé a bhí ag iarraidh an tAthair Mór Mac Pháidín a ghabháil, agus cad é a tharla?

  5. Cá mhéad airgid atá bailithe ag an phobal go dtí seo le teach pobail nua a thógáil?

  6. Mínigh i do chuid focal féin an fáth ar dhúirt an tAthair Ó Fearraigh gurb é an teach pobail teach an phobail.


Creidiúintí

baruil