Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Yoda
Lá speisialta atá ann inniu, más spéis leat Star Wars. Inniu, an 21ú Bealtaine, Lá le labhairt ar nós Yoda. Chonaic muid Yoda den chéad uair sa scannán The Empire Strikes Back a tháinig amach ar an 21ú Bealtaine 1980. Carachtar gleoite atá in Yoda ach carachtar saoithiúil chomh maith. Tá sé ina Mháistir-Jedi agus tá sé iontach cóngarach don Fhórsa. Eisean an Jedi is sine agus is cumhachtaí. Ní fios cad as ar tháinig sé nó fiú cén cineál ruda é.
Yoda, an Jedi is cumhachtaí
Tá dóigh ar leith ag Yoda le labhairt. An teanga atá aige, Yodish, tá sí cosúil leis an Bhéarla ach bíonn na focail in ord difriúil. B’fhéidir gur thug tú faoi deara go bhfuil difear idir ord na bhfocal sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Mar shampla:
Thóg an cailín an leabhar (an briathar ar dtús)
The girl lifted the book (an duine a rinne an rud ar dtús)
I gcás Yoda, áfach, tosaíonn seisean an abairt leis an fhocal a dtarlaíonn an gníomh dó, sa chás seo, an leabhar:
The book, the girl lifted.
Seo cúpla sampla eile den chineál cainte a bhíonn ag Yoda sa scannán:
Strong you are, Luke
Bicycle, he rode.
Luke Skywalker ag troid in éadan Darth Vader
Má tá Gaeilge agat, seans nach bhfeicfidh tú mórán contráilte leis na habairtí seo nó is féidir leat an t-ord a bhogadh thart le béim a chur ar rud ar leith. Glac, mar shampla, an abairt seo: ‘Shiúil mé abhaile go ciúin’. Is féidir na samplaí seo a rá i nGaeilge le béim a chur ar rudaí áirithe:
Mise a shiúil abhaile go ciúin (Cé a rinne é?)
Abhaile a shiúil mé go ciúin (Cén áit ar shiúil tú?)
Go ciúin a shiúil mé abhaile (Cén dóigh ar shiúil tú abhaile?)
Le déanamh:
I d’aonar nó le cara, scríobh síos abairt shimplí. Ansin, smaoinigh ar é a scríobh ar dhóigh eile le béim dhifriúil a chur uirthi.
Pictiúir:
Yoda (clúdach): Geeyom / Shutterstock.com
Yoda (taobh istigh): Anton_Ivanov / Shutterstock.com
Darth Vader: AKKHARAT JARUSILAWONG / Shutterstock.com
The Empire Strikes Back: John Gomez / Shutterstock.com
Luke Skywalker: Willrow Hood / Shutterstock.com