Ionsaí marfach ar iolar mara

Déardaoin, an 16ú Eanáir 2025

An t-iolar mara agus iasc ina chrúba aige


Tá fiosrúchán ar bun ag oifigigh fiadhúlra lena fháil amach cé a mharaigh iolar mara i gContae na hIarmhí. Thángthas ar chorp an iolair ag tús mhí na Nollag ach bhí na hoifigigh fiadhúlra ag iarraidh scrúdú iarbháis a dhéanamh roimh dóibh an scéal a fhógairt. Tá a fhios acu anois gur scaoil duine éigin an t-iolar.

Thángthas ar chorp an iolair in aice le Loch Uaill san Iarmhí

Ní fíor-ghrianghraf é seo, rinneadh é le hintleacht shaorga


Is iolar baineann a bhí san iolar mara seo agus bhí sí dhá bhliain d’aois. Bhain sí le clár speisialta atá ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis an iolar mara a thabhairt ar ais go hÉirinn. Ligeadh saor í i gContae Chiarraí sa bhliain 2022. 

I mBéarla, tugtar an ‘white-tailed sea-eagle’ ar an iolar mara. Ní bhíonn eireaball bán ag an iolar go dtí go mbíonn sé fásta


Bhí rianaire satailíte ceangailte di agus chonaic na heolaithe gur thaistil sí fud fad na tíre. Chaith sí seal i nDún na nGall, i bhFear Manach, in Aontroim agus sa Chabhán. Le tamall anuas, bhí sí ag tabhairt fúithi i gContae na hIarmhí, ag bogadh thart idir Loch Uail, Loch Dairbhreach agus Loch Ainninn – áiteanna a raibh neart éisc ar fáil di. Léiríonn an rianaire satailíte gur stad sí de bheith ag bogadh ar an 6ú Nollaig i gceantar Phort na Seangán, ar bhruach Loch Uaill. Seo nuair a scaoileadh í.

Thaistil an t-iolar ó bhun go barr na hÉireann ach bhí sí ag tabhairt fúithi i gcontae na hIarmhí sular scaoileadh í


Is é an t-iolar mara an t-éan creiche is mó atá againn in Éirinn (agus san Eoraip – an 4ú hiolar is mó ar domhan). Tá réise sciathán de thart ar 2 mhéadar aige (idir 1.78m agus 2.45m). Bíonn an t-iolar mara baineann níos mó agus níos troime (6kg) ná an t-iolar mara fireann (4kg). 

Ciallaíonn réise sciathán an fad ó bharr sciatháin amháin go barr an sciatháin eile. Seo na trí éan creiche is mó in Éirinn (agus an meán-réise sciathán)


Seo dhá chlamhán, ag iarraidh an ruaig a chur ar iolar mara

Pic le Emoscopes/Wikimedia Commons CC BY-SA 2.5


Itheann siad éisc agus éin uisce (ar muir agus i lochanna agus in aibhneacha) agus mamaigh bheaga – coiníní agus giorriacha. Is scroblachóirí tábhachtacha iad fosta – déanann siad scrobláil ar chineálacha difriúla ainmhithe atá marbh cheana.

Is scroblachóir é an t-iolar mara – bíonn sé i gcónaí sa tóir ar ainmhithe atá marbh cheana féin lena n-ithe

Pic le Bohuš Číčel (https://www.flickr.com/photos/bcicel/) trí Wikimedia Commons CC BY-SA 3.0


Mar sin, tá áit thábhachtach ag an iolar mara san éiceachóras nó coinníonn siad líon na n-ainmhithe beaga ag an leibhéal ceart agus cuidíonn siad le gnáthóga sna háiteanna ina gcónaíonn siad. Tríd an scrobláil a dhéanann siad ar chorp ainmhithe marbha, stopann siad galar agus tinneas de bheith ag scaipeadh. Déanann siad maitheas don turasóireacht sna ceantair ina gcónaíonn siad fosta nó tagann cuairteoirí le hiad a fheiceáil.

Is maith le daoine pictiúr maith a fháil den iolar mara

Pic le Jason Spinks/Wikimedia Commons CC BY 2.0


Bhíodh an t-iolar mara le fáil fud fad na hÉireann lá den saol ach d’imigh siad in éag thart ar 100 bliain ó shin. Mharaigh daoine iad mar go raibh siad buartha go nglacfadh siad ainmhithe feirme, caoirigh agus uain bheaga go háirithe. Deir eolaithe, áfach, gur fíor-annamh a mharaíonn siad uain nó caoirigh. An chuid is mó den am, itheann siad ainmhithe atá marbh cheana féin.

In Albain, faigheann feirmeoirí airgead má mharaíonn iolar ainmhí dá gcuid, ach ní tharlaíonn sé go minic

Pic le Yathin S Krishnappa/Wikimedia Commons CC BY-SA 3.0


Deir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go mbíonn siad ag obair le feirmeoirí le monatóireacht a dhéanamh ar na hiolair a ligeann siad saor. Ba mhaith leo cur leis an obair seo lena chinntiú go dtig le feirmeoirí agus leis na hiolair maireachtáil taobh le taobh sna ceantair chéanna*.

*Níl duine ar bith ag rá gur feirmeoir a mharaigh an t-iolar seo, níl ann ach go raibh roinnt feirmeoirí míshásta in áiteanna eile ar domhan nuair a ligeadh éin mar seo saor.

Cúis eile a bhíonn le bás na n-iolar ná tuirbíní gaoithe – mharaigh tuirbín gaoithe an t-iolar seo san Iorua

Pic le Jánoska Ferenc/Wikimedia Commons (Ceadúnas Saorealaíne)


Le plé / le déanamh

🦅 An bhfaca tú féin éan creiche riamh? Cén cineál éin a bhí ann agus cá raibh tú?

🦅 Cé chomh hard is atá tú? Amharc ar réise sciathán na n-éan creiche is mó atá againn in Éirinn. Déan comparáid idir na réisí sciathán agus d’airde féin.

🦅 Ní raibh na hiolair seo in Éirinn le 100 bliain anuas agus bhí ag éirí go breá linn gan iad. Cén mhaith iad a thabhairt ar ais anois má tá baol ann go n-íosfaidh siad ainmhithe feirme?

🦅 Níl duine ar bith ag rá gur feirmeoir a mharaigh an t-iolar seo, ach, mar rang, an dtig libh smaoineamh ar bhealaí eile lena dhéanamh níos fusa d’fheirmeoirí glacadh le hiolair mhara agus le hiolair fíréan sna ceantair s’acu.

🦅 Tá dath dearg ar Chontae na hIarmhí sa léarscáil thíos – an dtig leat na contaetha eile atá luaite san alt a aimsiú fosta?


baruil