Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is é Kumbh Mela an teacht le chéile reiligiúnach is mó ar domhan, agus tá sé ag tarlú anois san India. As seo go ceann 6 seachtaine, tiocfaidh níos mó ná 400 MILLIÚN duine leis an fhéile a cheiliúradh. Bíonn an fhéile Hiondúch seo ann gach 12 bhliain agus reáchtáiltear í i gcathair amháin de na ceithre chathair naofa atá ag na Hiondúigh – Prayagraj, Haridwar, Nashik, agus Ujjain. I mbliana, tá Kumbh Mela á reáchtáil i gcathair Prayagraj.
Cónaíonn 8 milliún duine in Éirinn – iolraigh sin faoi 50 – sin an méid daoine a bheas ag freastal ar Kumbh Mela!
Tagann na milliúin duine as gach cearn den India leis an fhéile a cheiliúradh
Mairfidh an fhéile 6 seachtaine
Ciallaíonn Kumbh pota nó crúiscín. Ciallaíonn Mela teacht le chéile. I miotaseolaíocht na Hiondúch, tá scéal ann faoi phota nó Kumbh a raibh neachtar na beatha ann. Ba iad na déithe a choinnigh an Kumbh seo. Tharla troid mhór idir na déithe agus na deamhain agus nuair a bhí siad ag troid, thit ceithre dheoir de neachtar na beatha amach as an phota. Thit deor amháin i ngach ceann de na cathracha naofa. Creideann na Hiondúigh go ndearna na deora neachtair na haibhneacha sna cathracha seo naofa.
Na déithe agus na deamhain ag troid agus na deora de neachtar na beatha ag titim amach
Mar sin, le linn Kumbh Mela, níonn daoine iad féin san abhainn nó creideann siad go nglanfaidh sé seo a gcuid peacaí ar shiúl agus go leigheasfaidh sé tinneas fosta. I gcathair Prayagraj, tagann 2 abhainn le chéile os cionn an talaimh – an Ghainséis agus an Yamuna. Creideann na Hiondúigh go ritheann abhainn mhiotasach naofa darb ainm an Saraswati tríd an cheantar fosta, ach faoin talamh. Is í an Ghainséis an abhainn is tábhachtaí atá ag na Hiondúigh.
Tá na daoine seo á ní féin in Abhainn na Gainséise
In amanna, bíonn seirbhísí reiligiúnacha acu san uisce – tá an fear seo ag dul isteach mar chuid de sheirbhís reiligiúnach
Gach lá le linn Kumbh Mela, tiocfaidh na milliúin duine chuig Prayagraj. Is féidir go dtiocfadh suas le 50 milliún duine in aon lá amháin! Déanfaidh gach duine iarracht cuairt a thabhairt ar an abhainn agus folcadh a dhéanamh. Beidh na hóstáin agus na tithe ósta uilig líon lán le daoine. Tá údaráis i ndiaidh ‘cathracha puball’ a chur ar bun. Seo áiteanna ar féidir le daoine stopadh go sealadach iontu. Tá uisce glan agus leithris ar fáil agus neart áiteanna le bia a cheannach. Tá go fiú otharlanna sealadacha tógtha acu.
Ceann de na cathracha puball
Tá na daoine seo ag siúl síos chuig an abhainn lena ní féin san uisce
Tá an cailín seo ag díol bráisléad agus muincí – bíonn bia ar díol fosta agus bíonn ceol agus cainteanna agus go leor rudaí eile ag tarlú
Ba mhaith leo a chinntiú go mbeidh gach duine, idir shaibhir agus daibhir ábalta teacht chuig an fhéile agus sult a bhaint as na himeachtaí agus na cainteanna agus an ceiliúradh uilig a bheas ann.
Athair agus mac ag ceiliúradh
Le plé / le déanamh
Tugtar oilithreacht ar an turas a dhéanann daoine chuig féile reiligiúnach nó áit naofa. An bhfuil aithne agatsa ar dhuine ar bith a chuaigh ar oilithreacht riamh? Cén áit a ndeachaigh sé nó sí?
Tá na ceithre chathair atá luaite san alt seo iontach tábhachtach do Hiondúigh, mar aon le hAbhainn na Gainséise. Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar áiteanna in Éirinn atá tábhachtach do Chríostaithe?
Amharc ar an fhrása ‘idir shaibhir agus daibhir’. Ciallaíonn saibhir ‘daoine a bhfuil go leor airgid acu’ agus ciallaíonn daibhir ‘daoine atá bocht’. In amanna, sa Ghaeilge, bíonn an patrún seo le d agus s le feiceáil le focail eile a bhfuil ciall chontrártha ag baint leo. Mar shampla, soiléir (furasta a fheiceáil) agus doiléir (níl sé furasta a fheiceáil). Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar phéirí eile de mhalairtí d & s?