Falscaithe in LA

Dé Máirt, an 14ú Eanáir 2025


Rinneadh a lán damáiste in iarthar Los Angeles an tseachtain seo caite. Tháinig falscaithe anuas ó na sléibhte agus shroich siad bailte in aice le Los Angeles. Is tine í falscaí a dhónn féar, plandaí agus crainn. Spréann sí iontach gasta agus dónn sí gach rud a bhíonn sa bhealach uirthi. Dódh na mílte teach agus, faoin Luan, maraíodh 24 duine. Meastar gurb é an costas go dtí seo ná $250 billiún.

Thosaigh an fhalscaí taobh amuigh de na bailte

Cé go bhfuil an geimhreadh ann sa cheantar, tá an t-aer thar a bheith tirim faoi láthair. Bíonn gaoth speisialta ann, Gaoth Santa Ana, a shéideann ó na sléibhte. Má bhíonn plandaí agus crainn atá tirim ann, bíonn baol ann go lastar iad go furasta. Is minic is daoine a chuireann tús leis na falscaithe, d’aon turas nó de thaisme. Ach déanann an ghaoth iad a mhéadú agus iad a iompar ó áit go háit.

Fadhb eile a bhí ann i mbliana ná go raibh cúpla bliain d’aimsir fhliuch ann roimh ré agus d’fhás plandaí go gasta. Nuair a bhí an aimsir thirim ann, bhí go leor breosla ann a chuidigh leis na falscaithe. Ar an drochuair, níor ghlan na húdaráis mórán den ábhar breise seo in am.

Tá baint ag an téamh domhanda leis an scéal, chomh maith, ar ndóigh. Bhí 2024 ar an bhliain ba theo sa Domhan ó cuireadh tús le taifid agus deir na heolaithe go mbeidh aimsir níos teo ann mar aon le níos mó stoirmeacha agus níos mó den aimsir thirim.

Léimeann an tine ó na plandaí go dtí na foirgnimh

Cé go ndearna comhraiceoirí dóiteáin a lán dul chun cinn ag an deireadh seachtaine, tá baol ann go n-éireoidh rudaí níos measa an tseachtain seo le gaoth níos láidre. Ciallaíonn sin go n-iompraítear na haibhleoga níos faide ar shiúl agus bíonn baol ann go dtosóidh siad tine eile i bhfad ar shiúl. Chomh maith leis sin, ní thig leis na heitleáin agus na héileacaptair dul san aer má bhíonn an ghaoth ró-láidir. Doirteann na heitleáin agus na héileacaptair uisce nó leacht a mhoillíonn an tine ar na dóiteáin.


Le déanamh:

Abair go bhfuil tú i do chónaí in Los Angeles. Luaigh trí rud a dhéanfá le do theach a chosaint ar an tine.


Cuardaigh ‘téamh domhanda’ ar an ardán seo. Scríobh trí rud is féidir linn a dhéanamh le stop a chur leis an téamh domhanda. Cuir na rudaí a scríobh tú i gcomparáid leis an duine in aice leat. Ar scríobh sibh na rudaí céanna?


Pictiúir:

Falscaí ar chnoc: Elliott Cowand Jr / Shutterstock.com

Falscaí ar chnoc le tithe: Elliott Cowand Jr / Shutterstock.com

Carr ar bóthar le tine thart air: Ringo Chiu / Shutterstock.com

Innill dóiteáin: Ringo Chiu / Shutterstock.com

Gaoth ag séideadh aibhleog: Ringo Chiu / Shutterstock.com

Comhartha Hollywood: trekandshoot / Shutterstock.com

Aerfort LAX: Lisa Bronitt / Shutterstock.com


baruil