Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá clú ar na sean-Éigiptigh mar gheall ar an tsibhialtacht iontach forbartha a bhí acu. Tá a gcuid séadchomharthaí agus tuamaí go fóill le feiceáil inniu, cé gur tógadh iad níos mó ná 4,000 bliain ó shin.
An Sfioncs agus trí phirimid in Giza
Tá an Éigipt suite in oirthuaisceart na hAfraice. An Níl an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann tríd an tír agus isteach sa Mheánmhuir. Tá an Níl ar an abhainn is faide ar domhan (cé go mbíonn eolaithe ag argóint faoi seo, in amanna). Rinne na sean-Éigiptigh cónaí ar bhruacha Abhainn na Níle.
Chónaigh na sean-Éigiptigh sna ceantair thart ar Abhainn na Níle
Rinne daoine feirmeoireacht cois na Níle i dtús ama nó bhí siad ábalta uisce na habhann a úsáid le cuidiú leo barra a fhás. Is tír thar a bheith te í an Éigipt. Tá cuid mhaith den tír ina gaineamhlach nó ní thiteann mórán fearthainne san áit. Gan an Níl, bheadh an tír ar fad ina gaineamhlach.
Chuidigh uisce na Níle leis na sean-Éigiptigh barra a fhás agus ainmhithe a chothú.
Bhí an talamh thart ar an Níl iontach maith don fheirmeoireacht
Daoine
Labhair na sean-Éigiptigh teanga atá rud beag cosúil leis an Eabhrais agus le teangacha Arabacha an lae inniu. Chónaigh páistí sa tsean-Éigipt lena dtuismitheoirí, bhí seomra amháin ann don teaghlach ar fad.
Is beag páiste sa tsean-Éigipt a chuaigh ar scoil. Chuaigh siad amach agus rinne obair sna páirceanna, lena dtuismitheoirí.
‘An Faró’ an teideal a bhí ag an rí (nó an bhanríon, bhí cúpla faró baineann ann!) a bhí i gceannas ar an tír.
Is feirmeoirí a bhí sna chéad sean-Éigiptigh. Rinne siad feirmeoireacht ar bhruacha na Níle.
Tá an ealaín seo le feiceáil ar bhalla thuama Thútancámain i Lucsar san Éigipt – seo an dia Ra, ag tabhairt bia don Fharó
Ainmhithe
Choinnigh na hÉigiptigh roinnt ainmhithe lena n-ithe agus le bainne a fháil uathu. Choinnigh siad ainmhithe eile mar pheataí.
Bhí go leor ainmhithe difriúla tábhachtach do na hÉigiptigh. Bhí meas acu ar na tréithe a bhí ag ainmhithe difriúla – go háirithe na tréithe sin a bhí contúirteach nó na tréithe nach raibh ag daoine. In amanna, bhain siad úsáid as ainmhithe mar chomhartha.
Mar shampla, thug na hÉigiptigh faoi deara go dtéann an chiaróg i bhfolach thíos faoin talamh agus d’úsáid siad an chiaróg mar chomhartha den mharthanas.
An chiaróg
Bhí na cait iontach tábhachtach dóibh, ba chomhartha den chumhacht é an cat. Choinnigh siad cait mar pheataí agus mar chomhartha den ‘chatdia’, Bast, fosta.
Bast, an catdia
Bhí meas ag na hÉigiptigh ar chrogaill agus bhí eagla orthu rompu fosta. Bhí go leor crogall sa Níl, agus bhí an Níl thar a bheith tábhachtach do na hÉigiptigh. Mar sin, bhí dia acu a choinnigh smacht ar na crogaill agus a choinnigh socair iad – Sobac.
Pictiúr den dia Sobac ar an bhalla i dtuama Thútancámain i Lucsar
Tútancáman
Bhí Tútancáman ar dhuine de na farónna ba chlúití riamh, ní raibh ann ach gasúr. Rinneadh faró de nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois agus bhí sé i gceannas go dtí go bhfuair sé bás agus é ocht mbliana déag d’aois.
Seo cóip den mhasc a cuireadh ar Thútancáman nuair a fuair sé bás – táimid measartha cinnte gur seo an chuma a bhí air nuair a bhí sé beo
Bhí Tútancáman i gceannas mar fharó nuair a bhí Impireacht na hÉigipte i mbarr a réime, thart ar an bhliain 1330 RCh.
Tháinig seandálaí as Sasana darbh ainm Howard Carter ar thuama Thútancámain sa bhliain 1922 – chóir a bheith 3,000 bliain i ndiaidh bhás an rí óig. Tháinig na seandálaithe ar chuid mhór taisce agus rudaí luachmhara sa tuama. Cuireadh na rudaí seo isteach le Tútancáman le go mbeadh sé saibhir sa saol eile.
Cuireadh cuid den taisce seo ó thuama Tútancámain ar taispeáint in iarsmalanna fud fad an domhain ó shin.
Howard Carter ag fiosrú sharcafagas Thútancámain in 1925 (tháinig siad ar an taobh amuigh den tuama in 1922 – thóg sé cúpla bliain orthu a mbealach a dhéanamh chuig an tuama laistigh