An Nollaig san Astráil

Déardaoin, an 12ú Nollaig 2024


Sneachta, cótaí fada agus tinte móra. Sin an cineál íomhá a bhíonn againn den Nollaig in Éirinn. Cé nach mbíonn Nollaig bhán againn gach bliain, de ghnáth bíonn sé fuar agus dorcha. Ach ní gá go mbeidh sé mar sin gach áit ar domhan. San Astráil, mar shampla, áit a bhfuil an samhradh ann anois, bíonn sé geal te um Nollaig.

Cad é a dhéanann na hAstrálaigh don Nollaig, mar sin? Bhuel, an chéad rud, tugann Daidí na Nollag sos do na réinfhianna agus cuidíonn cangarúnna leis. Chomh maith leis sin, bíonn éadaí níos éadroime á gcaitheamh ag Daidí na Nollag. Bíonn crainn Nollag ag go leor daoine ach bíonn crainn dhúchasacha acu chomh maith, tom Nollag, mar shampla, agus má bhíonn an t-ádh orthu, bíonn bláth ar an jacaranda, crann gleoite corcra.

Tom Nollag ón Astráil

Jacaranda

Bíonn cuid de na rudaí mar an gcéanna againne. Téann daoine thart ar na tithe ag ceol charúil Nollag ach ní bhíonn cótaí móra orthu, ar ndóigh! Tugann daoine bronntanais dá chéile Lá Nollag ach má bhíonn siad in aice leis an trá, is minic a bhíonn fulacht nó beárbaiciú acu Lá Fhéile Stiofáin.

Beárbaiciú ar an trá

Tá na hAstrálaigh iontach tugtha do na soilse Nollag agus bíonn comórtais idir comharsana go minic. Bíonn tinte ealaíne ag bailte agus cathracha ar fud na tíre agus bíonn paráid ildaite ag a lán acu.

Cionn is gur sa samhradh a thiteann an Nollaig san Astráil, bíonn bia fuar acu, de ghnáth, do dhinnéar na Nollag agus itheann siad ag am lóin é. Ó am go chéile bíonn maróg Nollag acu ach is fearr leo milseoga mar phavlóva agus traidhfil.

Maróg Nollag


Le déanamh:

Faigh amach cad chuige a mbíonn an samhradh ann san Astráil nuair a bhíonn an geimhreadh againne. Léigh an t-alt seo.


baruil