Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Éiríonn sé níos deacra bliain i ndiaidh bliana buaiteoir a roghnú sa chomórtas seo! I mbliana, tháinig níos mó ná 200 iontráil isteach, as gach cearn d’Éirinn, ó Dhoire Cholmcille go Múscraí, thíos i nGaeltacht Chorcaí!
Bhí an caighdeán iontach ard ar fad agus ba léir go ndearna sibh uilig iarracht an-mhór leis na cártaí. Tá físeán thíos ag bun an leathanaigh seo inar féidir cuid de na cártaí a seoladh isteach a fheiceáil.
Sa deireadh, roghnaigh muid beirt bhuaiteoirí – duine amháin ó bhun na scoile agus duine amháin ó bharr na scoile.
Mar sin…an buaiteoir ag bun na scoile ná…
Keela Canavan ó Ghaelscoil Eoghain, an Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain
Agus an buaiteoir ag barr na scoile ná…
Christian Ó Gallachóir, Scoil Mhín Tine Dé, Contae Dhún na nGall
Phriontáil muid cóipeanna de na cártaí s’acu agus chuir muid chucu iad le gur féidir leo iad a scaipeadh ar chairde agus gaolta! Chomh maith leis sin, rinne muid cárta speisialta le healaín Christian agus Keela agus sheol muid cóip chuig an Uachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, le Nollaig Shona a ghuí air ó na Gaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta fud fad na tíre!
I dtaca leis na cártaí eile uilig – GO RAIBH MÍLE MAITH AGAIBH, bhí siad ar dóigh! Ní raibh go leor spáis againn le gach cárta a chur isteach san fhíseán seo, mar sin de, mura bhfeiceann tú do cheann féin san fhíseán, tá muid buartha! Roghnaigh muid na cártaí go randamach ach léiríonn sé seo cé chomh hard is a bhí an caighdeán!