Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

nocht (an t-aingeal) – bhí sé le feiceáil go tobann
beidh sé ina shlánaitheoir ar an domhan – déanfaidh sé an domhan a shlánú / a shábháil
cráifeach – lán de chreideamh
lánúin – beirt daoine atá ag siúl amach lena chéile nó pósta ar a chéile
foscadán – áit le foscadh a fháil ó dhrochaimsir
Tharla an scéal seo fadó fadó, i bhfad i gcéin, thart faoi dhá mhíle bliain ó shin i sráidbhaile beag darbh ainm Nazarat. Bhí bean óg, darbh ainm Muire ina cónaí i Nazarat. Bhí sí iontach maith agus cineálta.
Bhí Muire le pósadh ar fhear óg maith, darbh ainm Iósaf. Ba shiúinéir é Iósaf. Rinne sé rudaí as adhmad.
Oíche amháin agus Muire ina codladh, nocht solas mór sa seomra. Tháinig aingeal ar cuairt chuig Muire. Bhí eagla uirthi ar dtús, ach dúirt an t-aingeal léi:
“A Mhuire, is aingeal Dé mé. Tá nuacht agam duit ó Dhia. Beidh babaí agat. Babaí iontach speisialta a bheidh ann. Mac Dé a bheidh ann. Tabharfaidh tú an t-ainm ‘Íosa’ air agus beidh sé ina shlánaitheoir ar an domhan.”
Chuir seo iontas an domhain ar Mhuire ach bean iontach cráifeach a bhí inti agus dúirt sí go ndéanfadh sí mar a d’iarr Dia uirthi.
Nocht an t-aingeal d’Iósaf chomh maith, agus dúirt leis go mbeadh babaí ag Muire agus gur mac Dé a bheadh ann.
Tamall maith ina dhiaidh sin, bhí ordú ann sa tír sin. Bhí ar gach duine dul ar ais go dtí an áit inar rugadh iad mar bhí cuntas le déanamh ar gach duine sa tír. Chuaigh Iósaf agus Muire ar ais go Beithil, an sráidbhaile inar rugadh Iósaf. Thaistil siad ansin de shiúl na gcos. Bhí Muire ag iompar clainne faoin am seo agus í chóir a bheith réidh leis an bhabaí a bheith aici. Mar sin, thaistil sí ar dhroim asail. Turas fada a bhí ann a mhair roinnt laethanta.
Sa deireadh thiar thall, bhain siad an áit amach, ach, ar an drochuair, bhí Beithil lán le daoine eile a bhí ansin don chuntas mhór. Chuir Iósaf ceist anseo is ansiúd ar lorg lóistín, ach ní raibh seomra ar bith le fáil.
Sa deireadh, chonaic óstóir amháin go raibh Muire réidh le babaí a bhreith agus mhothaigh sé trua don bhean óg. Lig sé don lánúin an oíche a chaitheamh i stábla beag a bhí aige ar imeall an bhaile. Thaispeáin sé dóibh cá háit a raibh an stábla. Foscadán beag do na hainmhithe a bhí ann. Ach, bhí sé glan te.
Tharla rud éigin iontach speisialta an oíche sin. Rugadh mac do Mhuire. Mac Dé, slánaitheoir an domhain. Go díreach mar a dúirt an t-aingeal, bhí gasúr aici agus thug siad an t-ainm Íosa air. Chuir siad an babaí Íosa ina luí sa mhainséar.
An oíche chéanna sin, bhí cúpla aoire ag tabhairt aire dá gcaoirigh ar na cnoic taobh amuigh de Bheithil. Go tobann, bhí solas geal ann agus nocht aingeal rompu sa spéir. Dúirt sé leo go raibh Mac Dé i ndiaidh teacht ar an saol an oíche chéanna sin i mBeithil. Dúirt sé leo dul síos chun an babaí speisialta seo a fheiceáil. Bhí iontas an domhain ar na haoirí faoi seo ar fad. Chuaigh siad síos go dtí an stábla i mBeithil le slánaitheoir an domhain a fheiceáil. Chuaigh siad síos ar a nglúine chun ómós a thabhairt don bhabaí Íosa, Mac Dé.
Cúpla mí roimhe sin i dtír eile i bhfad ar shiúl ó Bheithil, bhuail trí Rí lena chéile le rud éigin tábhachtach a phlé. Bhí siad i ndiaidh réalta úr a fheiceáil sa spéir. Bhí siad cinnte de go raibh cúis thar a bheith speisialta ann go raibh an réalta seo ag nochtadh sa spéir, nuair nach raibh sí le feiceáil ansin roimhe. Léigh siad cuid mhór leabhar lena fháil amach cad chuige a raibh an réalta seo ann. Léigh na ríthe go mbeadh réalta úr le feiceáil sa spéir nuair a thiocfadh Rí an Domhain ar an saol.
Rinne siad an cinneadh an réalta a leanúint leis an rí nua speisialta seo a fheiceáil. Turas fada a bhí ann ach choinnigh siad orthu agus lean siad an réalta mhór sa spéir ar feadh na seachtainí.
Sa deireadh thiar thall, stop an réalta mhór os cionn an stábla ina raibh Íosa, Muire agus Iósaf. Bhí iontas ar na ríthe gur rugadh Íosa i stábla beag agus ní i bpálás mór. Ach, thuig na ríthe gur babaí iontach speisialta a bhí ann agus go raibh an réalta speisialta seo sa spéir in ómós dó. Chrom siad cinn roimh an bhabaí Íosa agus d’fhág siad bronntanais luachmhara aige - ór, túis agus miorr. Ní gnáth-bhronntanais do bhabaí iad sin, ach bronntanais iontach luachmhar a tugadh do ríthe amháin.
Agus is é sin mar a rugadh Íosa, Mac Dé, i stábla beag fadó.
Le déanamh – moltaí don mhúinteoir
Is féidir na leathanaigh dathúcháin seo a íoslódáil agus a thabhairt amach don rang. Tá deich leathanach ann san iomlán, mar sin, thig le daltaí éagsúla leathanaigh éagsúla a dhathú.
Is féidir na leathanaigh dhaite a chur in ord ag an deireadh leis an scéal a athinsint. Thiocfadh le gach dalta a leathanach féin a úsáid leis an sciar s’aige nó s’aici féin den scéal a athinsint.