Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Fuair muid go leor nósanna Nollag ó lár agus ó oirthear na hEorpa
Ó thaobh na Nollag de, fuair muid go leor nósanna agus traidisiún ó na tíortha i lár na hEorpa…
Fuair muid nós na gcrann Nollag ón Ghearmáin, mar shampla. Sa 16ú haois, thosaigh daoine a thabhairt crann isteach sa teach um Nollaig. Mhaisigh siad na crainn agus chuir siad coinnle orthu, go fiú (nós iontach contúirteach, tá na soilse Nollag i bhfad níos sábháilte).
Fuair muid nós na n-ornáidí beaga gloine a chrochaimid ar an chrann ón tSeicia agus ón Pholainn.
Is maith an rud nach n-úsáidimid fíor-choinnle ar na crainn níos mó – tá sé thar a bheith contúirteach!
Nós eile a tháinig ó oirthear na hEorpa ná daoine a bheith ag dul ó dhoras go doras ag ceol charúil na Nollag. Níl an nós seo iontach coitianta anseo, ach is breá leis na Sasanaigh agus leis na Meiriceánaigh é.
Ba ghnách le daoine dul ó theach go teach ag ceol charúil na Nollag in oirthear na hEorpa
Ar cheann de na rudaí is mó a fuair muid ón Eoraip, tá ainm Dhaidí na Nollag – Saintí Clás. Tháinig an t-ainm seo ó ‘San Nioclás’, agus, go háirithe, ó leasainm a bhí ag muintir na hÍsiltíre ar San Nioclás – Sinterklass. Ba naomh é San Nioclás a bhí beo na blianta fada ó shin. Bhain sé clú agus cáil amach dó féin as an chineáltas a léirigh sé do pháistí agus do theaghlaigh bhochta. Ba ghnách leis bronntanais a fhágáil dóibh. Tá scéal amháin ann faoi athair bocht nach raibh go leor airgid aige dá theaghlach. Chaith San Nioclás airgead isteach tríd an fhuinneog i lár na hoíche agus thit an t-airgead isteach ina bhróga!
Bhí clú ar San Nioclás as bronntanais a thabhairt do dhaoine – thug na hOllannaigh Sinterklaas air
Fuair San Nioclás bás ar an 6ú Nollaig, sa bhliain 346. Mar sin, is ar an 6ú Nollaig a cheiliúraimid Lá Fhéile Niocláis. Tá nós i roinnt tíortha san Eoraip go fóill go bhfágann San Nioclás bronntanas do na páistí ar Lá Fhéile Niocláis. Fágann na páistí bróg amuigh an oíche roimh ré, agus, nuair a mhúsclaíonn siad, bíonn bronntanas sa bhróg dóibh.
Tá nós go fóill ann i roinnt mhaith tíortha go gcuireann páistí bróg amach agus go bhfágann San Nioclás bronntanas ann (beidh seo ag tarlú anocht!)
Ach tá scéal eile i gcúpla tír san Eoraip a bhaineann le ‘cuiditheoir’ a bhíodh ag San Nioclás. Bheadh sé cothrom a rá nach raibh an cuiditheoir seo chomh cineálta céanna le Sinterklass. An Krampus an t-ainm a bhí ar an chuiditheoir seo. Is arracht gruagach a bhí ann agus bhí adharca air, mar a bheadh gabhar ann!
San Nioclás agus a ‘chuiditheoir’!
Ba ghnách leis cuairt a thabhairt ar thithe an oíche roimh Lá Fhéile Niocláis agus, dá mbeadh páistí dalba nó dána ar bith sa teach, bhuailfeadh sé le slat bheithe iad! Tugtar Krampusnacht ar an oíche seo – mar a tharlaíonn sé, an oíche anocht!
Ar an dea-uair – ní chaithfidh sibhse bheith buartha faoi sin, ar chúpla cúis…
👹 Ní chónaímid i lár na hEorpa, agus ní raibh an nós sin riamh againn;
👹 Is páistí maithe sibh uilig cibé; agus
👹 Ní raibh ann ach scéal a chum daoine le heagla a chur ar na páistí le go mbeadh siad uilig maith agus le go n-éistfeadh siad lena dtuismitheoirí!
Ná bígí buartha – ní bheidh an Krampas ag tabhairt cuairt ar pháistí ar bith in Éirinn!
Le plé/le déanamh
🎄 Cad é an nós Nollag is fearr leatsa?
🎄 An bhfuil nós Nollag agaibh féin sa teach nach ndéanann mórán daoine eile?
🎄 Cad iad na scéalta a bhí ag na daoine fásta sa teach s’agaibhse, lena thabhairt oraibh a bheith ‘maith’ sna míonna roimh an Nollaig?