Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is minic a deir tuismitheoirí le páistí óga, ‘Ná bí ag súgradh le do chuid bia!’
Ar dhúirt duine ar bith leatsa riamh gan a bheith ag súgradh le do chuid bia? Cad é faoi ‘gan trua a bheith agat’ do do chuid bia? Bhuel, anois, síleann eolaithe i Sasana go gcuideoidh sé leis an timpeallacht má bhíonn trua againn don bhia…lig dúinn an scéal a mhíniú.
An féidir trua a bheith agat do bhia?
Achan bhliain, fud fad na hEorpa, caitear na milliúin tonna de bhananaí agus de bhia eile ar shiúl nuair nach gceannaíonn daoine iad. Samhlaigh grúpa de 6 bhanana sa siopa. Tagann duine isteach agus ceannaíonn 5 acu. Cad é a tharlaíonn don bhanana amháin sin a fágadh ar an tseilf? Níos minice ná a mhalairt, bíonn ar lucht an tsiopa é a chaitheamh sa bhruscar. Is cur amú uafásach é seo.
Caitheann siopaí na milliúin tonna de bhananaí agus de bhia eile ar shiúl gach bliain
Ach, fuair na heolaithe seo amach, má bhíonn trua ag daoine don bhanana aonair atá fágtha leis féin, gur mó seans go gceannóidh siad é. Ar an dóigh seo, ní chuirfear amú é. Ach cad é mar a thugann tú ar dhaoine trua a bheith acu do bhanana, nó, i ndeireadh na dála, ní rud beo é?
Bhuel, níl le déanamh ach an banana a phearsantú rud beag, tabhair ar dhaoine a smaoineamh faoin bhanana mar a bheadh rud beo ann. Abair leo gur banana beag brónach atá ann, atá fágtha leis féin!
Ar smaoinigh tú riamh faoin bhanana amháin sin a fágadh leis féin ar an tseilf?
Rinne na heolaithe turgnamh. Chuir siad comharthaí in aice le 3 chiseán dhifriúla de bhananaí (rinne siad seo le trátaí fosta) agus rinne siad comparáid idir na dóigheanna ar fhreagair siopadóirí dóibh.
Dúirt an comhartha ar chiseán amháin gur bananaí beaga sásta a bhí sna bananaí aonair a fágadh leo féin. Dúirt an comhartha ar chiseán eile gur bananaí beaga brónacha a bhí iontu agus níor luaigh an tríú comhartha mothúcháin ar bith.
Chonaic na heolaithe gur mhó seans go gceannódh daoine na torthaí nuair a shíl siad go raibh siad brónach!
Fuair na heolaithe amach gur fhreagair na siopadóirí níos fearr do na torthaí a raibh na mothúcháin luaite leo, ná na torthaí gan mhothúcháin. Ar an iomlán, áfach, cheannaigh níos mó daoine na bananaí aonair nuair a shíl siad go raibh brón orthu!
Arsa duine de na heolaithe, an Dr Lisa Eckmann, cé gur turgnamh eolaíochta sórt spraíúil é seo, go raibh na torthaí iontach tábhachtach nó is bealach iontach saor agus iontach éifeachtach é seo leis an chur amú bia a laghdú. Mar sin, an chéad uair eile a bhíonn tú san ollmhargadh, bí san airdeall ar na bananaí brónacha!
An bhfágfá an tráta truamhéileach seo ar an tseilf leis féin?
Le plé / le déanamh
🍌 Ag obair le cara, an dtig libh smaoineamh ar 5 leid le cuidiú le daoine gearradh siar ar an mhéid bia a chuireann siad amú?
🍌 Cad é an cineál bia is mó a chuireann tusa amú?
🍌 An dtig libh smaoineamh ar mholtaí eile a chuideodh le siopaí an cur amú bia a sheachaint?
🍌 An síleann sibh go gcuidíonn an ealaín le bia a phearsantú? Tá samplaí den ealaín le bia san alt seo. B’fhéidir gur mhaith libh bhur bpictiúir féin a chruthú le bia breise?