Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Táimid uilig difriúil. Bíonn buanna ag daoine le rudaí áirithe agus bíonn rudaí eile nach dtig linn a dhéanamh chomh furasta céanna. In amanna, bíonn cuidiú speisialta de dhíth orainn. Mura dtig linn na cosa a bhogadh, b’fhéidir go mbeadh cathaoir rotha againn; mura dtig linn rudaí a fheiceáil i gceart, tá spéaclaí ar fáil dúinn. Bíonn braille ar fáil ag daoine dalla agus tá teanga chomharthaíochta ann do dhaoine bodhra. Tá na rudaí seo uilig ann le go mbeidh gach duine againn ábalta páirt ghníomhach a bheith againn sa phobal agus nach mothaímid ar an imeall.
Ní féidir leis an chathaoir rotha dul suas céimeanna . . .
Ar ndóigh, ní thuigeann gach duine go bhfuilimid uilig difriúil agus, ó am go chéile, déantar tromaíocht ar dhaoine mar gheall ar mhíchumas. Nó ní dhéantar aon iarracht cuidiú le gach duine bheith páirteach sa phobal. Ceiliúrann daoine Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas ar fud an Domhain ar an 3ú mí na Nollag gach bliain. Is é an sprioc atá leis an lá ná go mbeidh gach duine airdeallach ar na fadhbanna atá ag daoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, díríonn sé ar na réitigh atá ar fáil agus déanann sé ceiliúradh ar na rudaí a bhain daoine faoi mhíchumas amach.
Teanga chomharthaíochta
Baineann meon an lae le meas a bheith againn ar gach duine, is cuma cad iad na rudaí is féidir leo a dhéanamh nó gan a dhéanamh. Tá cearta ag gach duine agus dínit acu – níor chóir dóibh bheith ag iarraidh na rudaí atá de dhíth – ba chóir go mbeadh na rudaí sin ar fáil ón chéad lá.
Cispheil i gcathaoir rotha
Glacann sé le daoine a bheith sásta pleanáil roimh ré agus riachtanais gach duine a chur san áireamh nuair a bhíonn rudaí nua á mbeartú. Is minic a smaoiníonn daoine nach bhfuil mórán daoine i gceist ach de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte tá cineál amháin nó cineál eile de mhíchumas ar 15% den phobal. Sin a lán daoine a fhágáil as an áireamh!
Le déanamh:
Léigh an scéal seo faoi Louis Braille agus na rudaí a bhain sé amach.
Nuair a úsáidimid an focal ‘míchumas’, ní chiallaíonn sin nach féidir leis an duine sin a lán rudaí eile a dhéanamh. Mar shampla, ní raibh Stephen Hawking ábalta siúl ná fiú amháin labhairt ach bhí sé ar dhuine de na heolaithe is tábhachtaí riamh. In bhur ngrúpaí, scríobh amach liosta de dhaoine a bhí faoi ‘mhíchumas’ ach a bhain rudaí móra amach.