Plaisteach atá ar an liosta maith!

Dé hAoine, an 29ú Samhain 2024

Déanann plaisteach a lán dochair don timpeallacht nuair a chaitheann tú ar shiúl é


Le tamall maith anuas, níor chuala muid ach drochrudaí faoin phlaisteach agus faoin dochar a dhéanann sé don timpeallacht. 

🚯 Is drochrud iad na málaí plaisteacha, caithfidh muid málaí páipéir a úsáid… 

🚯 Is drochrud iad na soip phlaisteacha, caithfidh muid soip pháipéir a úsáid… 

Deirtear linn gur cheart dúinn roghanna malartacha ar an phlaisteach a aimsiú


🚯 Tá an plaisteach ag marú na dturtar… 

Tá go leor scéalta ann faoi thurtair a fuair bás nuair a shíl siad gur bia é mála plaisteach


🚯 Tá an plaisteach ag marú na n-éan mara…

Rópa plaisteach a fágadh san uisce a mharaigh an t-éan seo


… níl deireadh leis an liosta.


Is cinnte, dá mbeadh baint ag Daidí na Nollag leis an scéal, go mbeadh an plaisteach ar an ‘liosta dalba’ nó ‘an liosta dána’ aige. Ach anois, is cosúil go bhfuil eolaithe i ndiaidh plaisteach a chruthú a mbeadh áit tuillte aige ar an liosta maith, nó is plaisteach é seo nach ndéanann dochar ar bith don timpeallacht!

An chuid is mó den phlaisteach go dtí seo, bheadh sé ar an liosta dalba!


An chuid is mó den phlaisteach atá againn faoi láthair, nuair a chaitheann daoine ar shiúl é, ní lobhann sé – ciallaíonn sé sin nach mbriseann sé síos. Fanann sé sa timpeallacht ar feadh tamall iontach fada agus cruthaíonn sé a lán fadhbanna. 

Go fiú na plaistigh a bhriseann síos rud beag, ní bhriseann siad síos go hiomlán. Maireann píosaí beaga díobh a dtugaimid micreaplaistigh orthu agus cruthaíonn siad seo a lán fadhbanna chomh maith nuair a itheann ainmhithe iad.

Micreaplaistigh i sampla uisce a tógadh ón fharraige


Anois, áfach, tá eolaithe sa tSeapáin i ndiaidh cineál plaistigh a chruthú a bhriseann síos go furasta sa sáile agus sa chré. Bhí na heolaithe seo ag iarraidh plaisteach a chruthú a bheadh láidir úsáideach againn ach nach bhfágfadh micreaplaistigh ar bith ina dhiaidh, dá gcaithfí ar shiúl é – agus d’éirigh thar barr leo!

Rinne siad tástálacha ar an phlaisteach nua seo atá cruthaithe acu. Léirigh na tástálacha sin go dtosaíonn sé de bheith ag briseadh síos go nádúrtha i ndiaidh cúpla uair a chloig i ndiaidh duit é a chaitheamh isteach san fharraige. Níos fearr arís, ní fhágann sé aon mhicreaplaistigh ina dhiaidh. 

Briseann an plaisteach nua seo síos go furasta sa sáile


Nuair a chuirtear sa chré é, briseann sé síos taobh istigh de 10 lá agus an t-aon rud a bhíonn fágtha ná ceimiceán atá iontach cosúil leis na leasacháin a chuireann feirmeoirí ar an talamh leis an chré a dhéanamh níos torthúla. Ciallaíonn sé sin go gcuidíonn sé leis an chré!

Agus ní hamháin go lobhann sé sa chré, leasaíonn sé an chré fosta!


Le plé nó le déanamh

♻️ In amanna, thig linn ábhair eile a roghnú in áit an phlaistigh. Soip mhiotail nó páipéir in áit soip phlaisteacha, nó málaí páipéir in áit málaí plaisteacha – cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhíonn leis na rudaí seo?

♻️ An dtig leat smaoineamh ar rudaí plaisteacha a úsáideann tú nach dtiocfadh leat ábhar eile a úsáid ina n-áit?

♻️ ‘Plaisteach aon-úsáide’ an plaisteach is mó a mbíonn daoine ag tabhairt amach faoi. An féidir leat ‘plaisteach aon-úsáide’ a mhíniú i do chuid focal féin? An mbíonn plaistigh aon-úsáide ar bith in úsáid agat féin? Cad iad? An dtiocfadh leat rud éigin eile a úsáid ina n-áit?



baruil