Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bíonn turcaithe agus puimcíní lárnach i Lá an Altaithe
Beidh lá speisialta ag na Meiriceánaigh an tseachtain seo. Déardaoin, beidh Lá an Altaithe, nó Thanksgiving, á cheiliúradh acu. Tá an lá chomh mór sin i Meiriceá agus atá Lá Fhéile Pádraig in Éirinn.
Macasamhail den Mayflower
Baineann an fhéile leis an stair. Tuilleadh agus 400 bliain ó shin, sa bhliain 1620, chuaigh an Mayflower go dtí Massachusetts. Tháinig an bád ón Eoraip agus bhí na daoine ar lorg áit ina mbeadh siad saor lena gcreideamh a chleachtadh. Ach bhí daoine ina gcónaí ansin cheana féin.
Bhí Massasoit ina cheannaire ar na Wampanoag
Le tuilleadh agus 12,000 bliain, bhí an pobal Wampanoag lonnaithe sa cheantar sin. Bhí eolas maith acu ar an áit agus bhí siad ábalta bia a fháil. Ní raibh an scéal céanna ag na daoine nua as an Eoraip. Bhí an chéad bhliain iontach deacair acu ach chuidigh an pobal Wampanoag leo bia a fháil. Faoin bhliain 1623, bhí an chéad Lá an Altaithe ag na hEorpaigh agus thug siad buíochas do na Wampanoag as an chuidiú a thug siad.
An cineál tí a bhí ag na chéad Eorpaigh i Meiriceá
Ar an drochuair, thar na blianta, níor chuidigh na hEorpaigh mórán leis an phobal a bhí ann rompu. De réir a chéile, tháinig na milliúin duine as an Eoraip chuig Meiriceá agus bhog siad an pobal dúchasach amach as a dtalamh. Mharaigh siad na mílte acu agus bhrúigh siad an chuid eile isteach i dtearmainn, i dtalamh a bhí fíor-olc. Ní cheiliúrann an pobal dúchasach Lá an Altaithe, ar ndóigh.
Cuireadh na daoine dúchasacha isteach i dtearmainn
Bíonn Lá an Altaithe ar siúl ar an cheathrú Déardaoin de mhí na Samhna gach bliain. De ghnáth, bíonn lá saoire ann an lá sin, agus cuireann sé tús le séasúr na siopadóireachta Nollag. Tugtar an Aoine Dhubh ar an lá dár gcionn agus tháinig ‘Black Friday’ an bealach uilig trasna an Atlantaigh go dtí an tír seo.
An Aoine Dhubh
Le plé:
An rud maith é Lá an Altaithe a cheiliúradh, dar leat? Smaoinigh ar an dearcadh a bheadh ag na daoine nua agus an pobal dúchasach.
Le déanamh:
Samhlaigh go bhfuil tú i ndiaidh teacht ó Éirinn go dtí Meiriceá 400 bliain ó shin. Déan liosta de na rudaí a bheadh de dhíth ort. Cén dóigh a bhfaighfeá na rudaí atá ar do liosta?
Pictiúir:
Massasoit: Logan Bush / Shutterstock.com
Siopadóirí: rblfmr / Shutterstock.com