Atlas an Choirp

Dé Luain, an 25ú Samhain 2024

Tá eolaithe i ndiaidh cur go mór lena dtuiscint ar chorp an duine. Tá léarscáil úrnua déanta acu den 37 TRILLIÚN cill atá sa chorp. Tugann siad Atlas Chealla an Duine air seo.


Tá do chorp déanta de rudaí darb ainm cealla agus tá a lán cineálacha difriúla ceall ann. Bíonn jabanna difriúla ag na cealla éagsúla seo uilig. Mar shampla, tá cealla craicinn ann, cealla inchinne, cealla néaróige, cealla cnáimhe, cealla croí – agus go leor leor eile. Ach tá na heolaithe a bhí páirteach san obair seo i ndiaidh a fháil amach go bhfuil i bhfad níos mó cineálacha ann ná mar a shíl muid roimhe seo. Ní hamháin sin, cuideoidh an t-eolas nua seo leo sa troid in éadan tinnis agus galair éagsúla.

Roimhe seo, shíl muid go raibh an corp déanta de thart ar 200 cineál difriúil de chealla


Rinne an t-iriseoir sláinte, James Gallagher, comparáid idir an tAtlas úr seo agus na seanléaráidí den chorp a bhíodh in úsáid ag dochtúirí, nó roimhe seo, shíl muid nach raibh ach 200 cineál difriúil de na cealla seo sa chorp. Mar sin, nuair a chruthaigh daoine léaráidí den chorp do dhochtúirí, níor mharcáil siad ach 200 cineál ceall.

Tá orgáin an choirp déanta de chealla. Bhí eolas iontach maith againn ar an chorp roimhe seo ach fágfaidh an t-atlas nua seo go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr ag dochtúirí ar an chorp


Dúirt James Gallagher go bhfuil an t-athrú ó na seanléaráidí den chorp go dtí an tAtlas nua cosúil le bheith ag bogadh ó shean-léarscáileanna ó na meánaoiseanna go dtí Google Maps an lae inniu agus ‘radharc sráide’ ann! Nuair nach raibh ach 200 cineál ceall marcáilte ar na léaráidí, bhí cuid mhór eolais ar iarraidh.

Seanléarscáil d’Éirinn ina bhfuil cuid mhór eolais agus léarscáil satailíte nua-aimseartha d’Éirinn. An féidir leat do bhaile féin a aimsiú ar an dá léarscáil? An féidir leat do scoil féin a aimsiú ar an dá léarscáil? Tá an difear idir an dá léarscáil seo cosúil leis an difear idir seanléaráidí a bhí ar fáil do dhochtúirí agus an t-atlas nua.


Anois, tá eolas mionsonraithe ag eolaithe ar gach uile chuid de chorp an duine, ar na cealla uilig a bhfuil an corp déanta astu agus go fiú ar an dóigh ar cruthaíodh an corp agus ar cuireadh na cealla sin le chéile. 

Mar shampla, tá eolas acu anois ar an dóigh a ndéantar an cnámharlach agus babaí ag fás i mbolg a mhamaí. Fásann loingeán ar dtús agus bíonn na cnámha ábalta fás thart ar an loingeán. Is stuif é loingeán atá níos láidre agus níos crua ná an craiceann, ach chan chomh láidir le cnámh. Tá do shrón agus do chluasa déanta de loingeán. 

Físeán a chruthaigh na heolaithe den dóigh a bhfásann cnámharlach babaí i mbolg a mhamaí

Físeán le To, K., Fei, L., Pett, J.P. et al. A multi-omic atlas of human embryonic skeletal development. Nature 635, 657–667 (2024). https://doi.org/10.1038/s41586-024-08189-z


D’oibrigh níos mó ná 3,600 eolaí, i níos mó ná 100 tír dhifriúil, le chéile leis an Atlas seo a dhéanamh agus tá siad go fóill ag obair air. Chuidigh sé leo cheana go leor rudaí nua a fhoghlaim faoin chorp agus deir siad go bhfuil i bhfad níos mó le foghlaim. Síleann siad, sna blianta atá le teacht, go gcuideoidh an tAtlas seo leo leigheas a aimsiú ar a lán tinnis éagsúla.


Le déanamh / le plé

Ar mhaith leatsa a bheith i d’eolaí? Mínigh do fhreagra.

Samhlaigh go bhfuil tú i d’eolaí. Cén rud ar mhaith leat staidéar a dhéanamh air agus níos mó a fhoghlaim faoi agus cén fáth?


baruil