Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí cúpla droch-sheachtain ag an Spáinn ar na mallaibh. Ag tosú ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an tseachtain seo caite, bhí codanna den tír faoi uisce mór. Agus níl an dochar curtha ina cheart acu go fóill.
Ag glanadh suas i ndiaidh na tuile
An chéad áit a buaileadh ná Valencia. Thit níos mó fearthainne in aon lá amháin ná mar a thit le 20 mí roimhe. De ghnáth, ní bhíonn mórán fearthainne sa Spáinn agus ní raibh fearthainn mar seo ann le blianta fada i stair na Spáinne. Fadhb eile ná go raibh triomach ann na blianta roimhe agus ní raibh an talamh ábalta ligean don uisce imeacht chomh gasta sin. Fuair níos mó ná 200 duine bás sa cheantar agus tá na scórtha ar iarraidh fós.
Cé gur thug lucht na haimsire rabhadh, níor chreid an rialtas áitiúil go mbeadh rudaí chomh holc agus a bhí. Nuair a tháinig polaiteoirí agus Rí na Spáinne chuig an chathair laethanta ina dhiaidh, bhí fearg mhór ar dhaoine.
D’fhág na tuilte a lán dochair ina ndiaidh
Ansin, an tseachtain seo a chuaigh thart, tháinig an dara buille. Bhí sé ina dhíle cheart in Málaga le suas le 180mm d’fhearthainn. Agus, faraor, buaileadh ceantar Valencia an dara huair.
Triomach
Ar an drochuair, tá an cineál seo aimsire ag éirí níos coitianta na laethanta seo mar gheall ar théamh domhanda agus athrú aeráide. Tá teocht an Domhain ag ardú cionn is go bhfuil dé-ocsaíd charbóin á cur isteach san atmaisféar. Coinníonn dé-ocsaíd charbóin agus gáis mar mheatán níos mó den teas san atmaisféar agus tá an Domhan ag téamh de réir a chéile.
Téann dé-ocsaíd charbóin isteach san atmaisféar nuair a dhóitear breosla
Le déanamh:
Faigh rialóir agus marcáil cé chomh hard is atá 180mm.
Déan dialann den lá a thit 180mm in Málaga. Déan cur síos ar an rud a rinne tú agus an t-uisce ag ardú. Cad iad na rudaí a rinne tú? Cé a chuidigh leat agus le do theaghlach? Déan cur síos ar an dóigh/an chuma a bhí ar rudaí nuair a stop an fhearthainn. Cén sórt dochair a rinneadh?
Tá téamh domhanda ag tarlú mar gheall ar dhaoine. Léigh an t-alt seo faoi iarrachtaí an téamh domhanda a stopadh.
Pictiúir:
Carranna: Fernando Astasio Avila / Shutterstock.com
Tuile sa tsráid: PhotoSmileBeautiful / Shutterstock.com
Glanadh suas: martenaba / Shutterstock.com