Cuairteoir cúthail cróga – cuid 2

Dé hAoine, an 15ú Samhain 2024

Mar a dúirt muid inné, tá na céadta creabhar coille i ndiaidh eitilt isteach chuig coillte agus páirceanna fud fad na hÉireann an tseachtain seo. Tiocfaidh níos mó acu anocht agus thar dheireadh na seachtaine go háirithe nó beidh spéir ghlan ann agus beidh solas na gealaí mar chuidiú acu. 

Gach bliain i mí na Samhna, úsáideann na mílte creabhar coille solas na gealaí le cuidiú leo a mbealach a dhéanamh go hÉirinn


Beidh siad uilig iontach lag ag an tús nó d’úsáid siad a lán fuinnimh ag eitilt trasna na mara. Ach beidh go leor bia ar fáil acu anois i dtalamh bog na hÉireann, le cuidiú leo meáchan a chur suas arís i rith an gheimhridh.

Tá líon beag creabhar coille in Éirinn a chónaíonn anseo an bhliain ar fad, ach tagann an chuid is mó acu isteach ón Eoraip 

Léarscáil arna cur in oiriúint ón ‘IUCN Red List of Threatened Species, species assessors and the authors of the spatial data.’, trí Wikimedia Commons, CC BY-SA 3.0


Cónaíonn cuid mhór creabhar coille i dtuaisceart agus in oirthear na hEorpa. Nuair a thagann an geimhreadh, imíonn cuid acu go dtí an Fhrainc, an Iodáil agus áiteanna eile sa deisceart atá níos teo. Tagann a lán éan ón Iorua, ón tSualainn agus go fiú ón Rúis leis an gheimhreadh a chaitheamh in Éirinn.

Ar an drochuair do chuid mhór creabhar coille, áfach, ní bhfaighidh siad sos suaimhneach agus iad ar saoire in Éirinn nó tá go leor creachadóirí ag fanacht leo agus beidh ar an chreabhar bheith ar a aire i rith an ama. Thig leis an chreabhar éalú ó chreachadóirí ceithre-chosacha go measartha furasta ach tá creachadóirí níos contúirtí ann a bhfuil dhá chos acu…agus gunnaí!

Bíonn sealgairí ag súil le teacht na gcreabhar coille gach bliain


Is éan beag blasta é an creabhar coille agus is breá le cuid mhór daoine iad a ithe. Bíonn ‘Séasúr na Seilge’ oscailte i rith an gheimhridh in Éirinn agus tá cead ag sealgairí na creabhair coille a scaoileadh. Úsáideann siad madaí seilge le boladh an chreabhair coille a fháil agus é i bhfolach. Thig leis an chreabhar éalú ón mhadadh go furasta ach chomh luath is a eitlíonn sé amach as an choill, bíonn buntáiste mí-nádúrtha ag an chreachadóir dhá-chosach – an gunna! 

Go leor de na creabhair coille atá i ndiaidh eitilt isteach chugainn an tseachtain seo, bheidh siad ag eitilt abhaile.

Úsáideann na sealgairí madaí mar seo leis na creabhair coille a aimsiú. Eitlíonn an creabhar amach as an áit a bhfuil sé i bhfolach agus scaoileann an sealgaire é!


Le blianta beaga anuas, tá eolaithe i ndiaidh cuid mhór a fhoghlaim faoi na creabhair coille. Bhí siad ábalta roinnt creabhar a cheapadh agus rianaire beag satailíte a cheangal díobh. Lig sé seo dóibh súil a choinneáil ar an áit a ndeachaigh siad san earrach agus ar a dturas ar ais go hÉirinn an chéad gheimhreadh eile. Chuir sé iontas orthu go dtéann na creabhair coille ar ais go dtí an áit cheannann chéanna achan bhliain.

Idir daoine agus creachadóirí eile, bíonn sé iontach contúirteach don chreabhar coille i rith an lae

Idir daoine agus creachadóirí eile, bíonn sé iontach contúirteach don chreabhar coille i rith an lae

Mar sin, tagann siad amach chuig na páirceanna san oíche le bia a fháil, agus cuidíonn sé seo go mór leis na heolaithe…

Mar sin, tagann siad amach chuig na páirceanna san oíche le bia a fháil, agus cuidíonn sé seo go mór leis na heolaithe…


D’fhoghlaim na heolaithe fosta, áfach, go mbíonn líon na gcreabhar coille atá ann ag titim, bliain i ndiaidh bliana. Síleann siad go mbaineann sé seo go príomha leis an athrú aeráide agus ní le daoine iad a scaoileadh. 

Bíonn na heolaithe ábalta tóirsí a úsáid leis na creabhair a cheapadh – in amanna, ní bhogann siad nuair a lonraíonn tú solas orthu


Bíonn na heolaithe ag caint leis na sealgairí nó bíonn na sealgairí ábalta a rá leo faoi na háiteanna a bhfaca siad creabhair coille agus faoin mhéid a chonaic siad. Cuidíonn sé seo leis an eolaí. Ar an dea-uair, bíonn cuid mhór sealgairí ag éisteacht leis na heolaithe fosta. Tuigeann a lán sealgairí anois go gcaithfidh siad bheith cúramach faoin líon creabhar coille a mharaíonn siad nó ní bheidh creabhair coille ar bith fágtha le teacht go hÉirinn gach geimhreadh.

Tá an t-eolaí i ndiaidh rianaire satailíte a cheangal den éan agus cuireann sé fáinne ar a chos. Tá eolas ar an fháinne seo le go dtig le daoine teagmháil a dhéanamh leis an eolaí má aimsíonn siad an creabhar coille seo. Ansin, ligeann sé don éan imeacht leis.


An chuid is mó againn, ní fheicfidh muid na creabhair coille ar chor ar bith agus iad anseo, nó tá siad iontach maith ag fanacht i bhfolach. Má chónaíonn tú faoin tuath, áfach, in aice le coill, beidh seans agat ceann a fheiceáil. Má bhíonn tráthnóna ciúin tirim ann agus spéir ghlan, is maith leis an chreabhar coille teacht amach i ndiaidh luí na gréine, sula mbíonn sé iomlán dorcha agus eitilt tríd na páirceanna ar imeall na coille. Tchífidh tú ansin é. Beidh sé furasta a aithint nó beidh a ghob fada soiléir sa spéir.

Bíonn sé furasta go leor cruth an chreabhair coille a fheiceáil


Le plé agus le déanamh

An síleann tú gur cheart go mbeadh cead ag daoine creabhair coille a sheilg, fad is nach maraíonn siad barraíocht acu? Mínigh do fhreagra.

An síleann tú go mbeadh an obair a dhéanann na héaneolaithe

suimiúil? Ar mhaith leat post mar seo? Cén fáth?

Dá dtiocfadh leatsa staidéar a dhéanamh ar ainmhí amháin, cén t-ainmhí a bheadh ann agus cén fáth?


An bealach is fusa ar fad le creabhar coille a fheiceáil, áfach, ná seanbhoinn airgid a chuardach. Ba ghnách linn an creabhar coille a bheith againn ar an bhonn 50p sular tháinig an Euro. B’fhéidir go mbeadh ceann ag do thuismitheoirí nó ag do sheantuismitheoirí!


baruil