Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Nuair a thagann an geimhreadh, bíonn ar ainmhithe iad féin a chosaint ar an fhuacht. Fásann roinnt ainmhithe fionnadh níos tibhe. Téann ainmhithe eile a chodladh – tugaimid geimhriú air seo. Agus téann cuid de na héin atá againn ar imirce le héalú ón fhuacht! Sin an rud a dhéanann an fháinleog agus an chuach, mar shampla. Imíonn siadsan, le linn mhíonna fuara an gheimhridh, go dtí an teas san Afraic.
Imíonn an chuach chuig an Afraic sa gheimhreadh
Is maith leis an fháinleog áit níos teo fosta!
Aimsíonn an ghráinneog áit éigin breá te di féin agus déanann sí geimhriú
Cuidíonn fionnadh an mhadaidh rua leis fanacht te
Ach an raibh a fhios agat go bhfuil éin eile ann a thagann ar imirce go hÉirinn sa gheimhreadh, nó bíonn sé níos teo anseo ná mar a bhí sé san áit a raibh siad! Tagann géanna chugainn ó Cheanada, mar shampla.
Tháinig na géanna seo anall as Ceanada chugainn
Tá éan beag amháin ann, áfach, agus cé nach bhfuil eolas ag mórán daoine air – tá scéal dochreidte aige.
An creabhar coille an t-ainm atá ar an éan seo agus cónaíonn sé i dtuaisceart agus in oirthear na hEorpa an chuid is mó den bhliain. Is éan measartha beag é, rud beag níos lú ná colúr.
Cuairteoir eile a thagann chugainn sa gheimhreadh – an creabhar coille.
Is maith leis fanacht i bhfolach agus tá duaithníocht iontach maith aige don choill sa gheimhreadh
Mar a thugann a ainm le fios dúinn, is maith leis an chreabhar coille fanacht sa choill, nó ar imeall na coille.
Is éan iontach cúthail é. Fanann sé i bhfolach sa scrobarnach ar imeall na coille i rith an lae agus tagann sé amach chuig talamh níos oscailte san oíche. Tá gob fada air agus úsáideann sé seo le cuiteoga agus cruimheanna a phiocadh amach as an talamh.
Is maith leis an chreabhar coille cuiteoga a ithe
Ach cionn is go mbíonn sé iontach fuar ar fad i dtuaisceart agus in oirthear na hEorpa sa gheimhreadh, reonn an talamh agus ní bhíonn sé éasca ag an chreabhar coille an talamh crua a bhriseadh le bia a fháil. Sin an fáth a dtagann a lán creabhar coille go hÉirinn nó ní bhíonn sé chomh fuar céanna anseo sa gheimhreadh.
Bíonn sé iontach deacair bia a fháil nuair a bhíonn an talamh crua leis an sioc agus leis an oighear
An fhadhb atá ann, áfach, ní maith leis an chreabhar coille an turas seo a dhéanamh i rith an lae, ar eagla go bhfaigheadh creachadóir é. Fanann an creabhar coille go dtí an chéad ghealach lán den gheimhreadh, i mí na Samhna de ghnáth, agus imíonn sé leis.
Eitlíonn an creabhar coille na céadta ciliméadar trasna na farraige agus an ghealach mar sholas aige
Déanann roinnt creabhar coille seo an turas go hÉirinn in aon oíche amháin. Tógann roinnt éan eile sos ar chósta na hEorpa nó sa Bhreatain, ar a mbealach go hÉirinn. Blianta ó shin, nuair a bhíodh daoine ag obair sna tithe solais ar chósta na hAlban agus na hÉireann, d’inis siad scéalta faoi na céadta creabhar coille a fheiceáil sa solas mór, ag eitilt isteach ón fharraige. Eitlíonn an creabhar coille go híseal, thart ar mhéadar nó dhó os cionn na farraige. Bhí scéalta eile ag lucht na dtithe solais faoi na céadta creabhar coille a aimsiú ar an trá, agus iad marbh, dá mbíodh stoirm ann an oíche roimhe nó d’eitil siad isteach sna tonnta arda.
Sa seanam, bhí scéalta ag lucht na dtithe solais faoi na creabhair a fheiceáil ag eitilt isteach ón fharraige
Mar a tharlaíonn sé, tá an ghealach lán againn an tseachtain seo. Bhí sé geal gach oíche go dtí seo agus ní raibh mórán gaoithe ann. Gach oíche an tseachtain seo, agus muid inár gcodladh, tá na céadta creabhar coille i ndiaidh eitilt na céadta míle trasna na farraige isteach go coillte agus go fálta fud fad na hÉireann, chuig an áit cheannann chéanna ar chaith siad an geimhreadh anuraidh.
Fud fad na hÉireann, an tseachtain seo, tá na céadta creabhar coille i ndiaidh eitilt isteach chugainn ón Eoraip, faoi sholas na gealaí
Ach i ndiaidh dóibh an turas mór contúirteach seo a chur díobh – níl an chontúirt thart go fóill!
Beidh an dara cuid den scéal againn daoibh amárach…
Le plé / le déanamh
Ar chuala tú iomrá ar an chreabhar coille nó an bhfaca tú ceann riamh?
An bhfuil eolas agat ar éin ar bith eile a thagann leis an gheimhreadh nó an samhradh a chaitheamh in Éirinn?
Cad é mar a athraíonn an saol s’agatsa nó saol do theaghlaigh ó shéasúr go séasúr?
An maith leat an geimhreadh? Cén fáth?