Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

‘An rud a chuireann tú san earrach, baineann tú san fhómhar.’ Is seanfhocal é sin a bhfuil cúpla ciall dhifriúil ag baint leis. Ó thaobh na feirmeoireachta de, áfach, tá sé measartha simplí. Cuireann tú na síolta i dtús an earraigh, fásann na barra i rith an tsamhraidh, agus baineann tú san fhómhar iad – nó is beag rud a fhásann i rith an gheimhridh!
Na prátaí – cuireann tú san earrach iad agus bíonn siad réidh le baint san fhómhar!
Ach anois, tá comhlacht as Meiriceá i ndiaidh an seanfhocal sin, agus saol na feirmeoireachta, a chur bunoscionn…nó, b’fhéidir gurbh fhearr a rá, a chur ar a thaobh. Déanann an comhlacht Plenty a gcuid feirmeoireachta ar bhealach rud beag difriúil ná mar a dhéantar in Éirinn í.
Samhlaigh feirm ina mbíonn gach rud ag fás taobh istigh, i bhfoirgneamh ollmhór; agus in áit sraitheanna fada de phlandaí leagtha amach ar an urlár – téann sraitheanna fada de phlandaí suas san aer! Tugann Plenty feirmeoireacht ingearach air seo. Tá siad i ndiaidh clú agus cáil a bhaint amach dóibh féin as na sútha talún a fhásann siad ina bhfeirm ingearach i Stát Virginia.
Ciallaíonn ingearach ‘ag dul suas’ – deir Plenty go sábhálann siad cuid mhór spáis tríd rudaí a fhás ar an dóigh seo
Deir Plenty go n-úsáideann an fheirmeoireacht ingearach i bhfad níos lú spáis ná an ghnáthfheirmeoireacht – 97% níos lú. Ciallaíonn sé seo go mbíonn níos mó spáis don bhithéagsúlacht – ainmhithe agus plandaí fiáine – taobh amuigh den fheirm.
Feirm amháin de chuid Plenty – dá mbeadh gnáthfheirm anseo, bheadh orthu cuid mhór crann a ghlanadh ar shiúl
Tá an fheirm seo sa chathair
Deir Plenty go dtig leo na feirmeacha s’acu a chur áit ar bith
Deir siad fosta go n-úsáideann na feirmeacha s’acusan suas le 90% níos lú uisce ná gnáthfheirmeacha agus ní bhíonn siad ag brath ar bheacha agus ar fheithidí eile leis na plandaí a phailniú. Úsáideann siad sruthanna aeir lena gcuid sútha talún a phailniú. Cionn is nach mbíonn an méid céanna feithidí istigh sna foirgnimh is a bhíonn ann taobh amuigh, ar ghnáthfheirmeacha, ní bhíonn orthu ceimiceáin a úsáid le lotnaidí a mharú!
Úsáideann siad an intleacht shaorga le monatóireacht a dhéanamh ar an timpeallacht istigh sna feirmeacha
An rud is fearr den iomlán, áfach, ná go n-úsáideann Plenty an intleacht shaorga le monatóireacht a dhéanamh ar na sútha talún i rith an ama. Coinníonn an intleacht shaorga súil ar níos mó ná 10,000 rud difriúil agus déanann siad athruithe beaga le go mbeidh timpeallacht fhoirfe ann do na plandaí. Ligeann sé seo dóibh sútha talún súmhara blasta a fhás ó cheann ceann na bliana, áit ar bith ar domhan.
Tá an spionáiste seo réidh – tá an róbat ag baint an fhómhair!
Deir Plenty go mbeidh sé seo iontach tábhachtach sa todhchaí, má bhíonn níos mó fadhbanna ann mar gheall ar an athrú aeráide. Deir siad go ligfidh an fheirmeoireacht ingearach dúinn soláthar iontaofa bia a bheith againn an bhliain ar fad. Fásann siad sútha talún agus roinnt glasraí duilleogacha eile faoi láthair ach síleann siad go mbeidh siad in ann a gcuid teicneolaíochta a úsáid le cuid mhór rudaí difriúla a fhás ina gcuid feirmeacha ingearacha sna blianta atá romhainn.
An t-aon rud amháin – tá súil ag NuachtAnois go gcloífidh siad le glasraí amháin sna feirmeacha ingearacha, nó níl na ba rómhaith ag dreapadh!
Ní bheadh sé chomh furasta céanna ainmhithe a choinneáil ar fheirm mar seo!
Le plé
🍓 An síleann tú go mbeadh feirmeacha ingearacha níos fearr d’ainmhithe agus don dúlra ná gnáthfheirmeacha? Cén fáth?
🍓 Ní fhásann sútha talún sa gheimhreadh in Éirinn, ach bíonn siad go fóill ar fáil sna siopaí mar tugaimid isteach iad ó thíortha eile. Dá dtiocfadh linn iad a fhás ar fheirmeacha ingearacha, an bhliain ar fad, cad é mar a bheadh sé sin níos fearr don timpeallacht?
🍓 Thiocfadh linn feirmeacha ingearacha a bheith againn i mbailte agus i gcathracha na hÉireann. An síleann tú go gcruthódh na feirmeacha seo a lán post do dhaoine? Mínigh do fhreagra.
🍓 An síleann tú gur rud maith a bheadh ann, feirmeacha ingearacha a bheith againn in Éirinn? Mínigh do fhreagra.
🍓 An síleann tú go mbeadh sé níos deacra nó níos fusa an fómhar a bhaint san fheirmeoireacht ingearach, i gcomparáid leis an ghnáthfheirmeoireacht?
🍓 Dúirt muid go bhfuil cúpla ciall leis an seanfhocal, ‘An rud a chuireann tú san earrach, baineann tú san fhómhar’. Mar rang, smaoinígí ar an chiall eile a bheadh leis.