Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Coinníonn an aclaíocht an inchinn láidir!
Síleann eolaithe i Meiriceá go bhfuil nasc idir an aclaíocht agus inchinn níos mó agus níos sláintiúla. Bhí siad ag déanamh staidéir ar an mhéid gníomhaíocht coirp a dhéanann daoine agus cé chomh sláintiúil is a bhí a n-inchinn. Rinne na heolaithe seo staidéar ar 10,000 duine, idir na blianta 2018 agus 2022, agus deir siad go bhfuil sé measartha soiléir go ndéanann an aclaíocht maitheas don inchinn!
Sa staidéar seo, chuir na heolaithe ceisteanna ar dhaoine in aoisghrúpaí difriúla faoin mhéid aclaíochta a dhéanann siad agus ansin, rinne siad scanadh inchinne orthu. Chonaic siad patrún iontach suimiúil sna torthaí. Sna daoine is mó a dhéanann aclaíocht rialta, bhí na codanna den inchinn atá tábhachtach don chuimhne, don fhoghlaim agus don chinnteoireacht, níos mó.
Déanann na codanna difriúla den inchinn rudaí difriúla
Clúdaíonn an aclaíocht seo gach sórt gníomhaíocht coirp – ó dhul ar shiúlóid gach lá, nó méid áirithe coiscéimeanna a ghlacadh gach lá go dtí daoine a bhíonn ag rith, ag rothaíocht nó ag imirt spóirt. Fad is go mbíonn tú ag bogadh, ar luas measartha, ar feadh 30 bomaite nó níos mó gach lá.
Déanann an ghníomhaíocht coirp maitheas duit, is cuma cén aois thú!
Nuair a bhíonn do chorp gníomhach, bíonn an croí ag obair go crua, ag pumpáil níos mó fola thart ar an chorp le go bhfaighidh na matáin níos mó ocsaigine agus fuinnimh. Ciallaíonn sé seo go bhfaigheann an inchinn níos mó ocsaigine agus níos mó cothaitheach fosta. Síleann na heolaithe go n-úsáideann an inchinn na cothaithigh seo leis na ceangail taobh istigh den inchinn a choinneáil níos láidre.
Fuair na heolaithe amach go gcuidíonn an aclaíocht leis na ceangail san inchinn
Bhí a fhios againn cheana go raibh nasc idir an aclaíocht agus cumas daoine óga aird agus fócas a dhíriú sa rang, nó rinne eolaithe difriúla staidéar ar an cheist sin roimhe seo. Ach is dea-scéal atá sa staidéar seo anois do dhaoine fásta agus daoine atá ag dul in aois fosta. Nuair a bhíonn daoine ag dul in aois, éiríonn an inchinn níos lú. Is rud nádúrtha é seo agus tarlaíonn sé do gach duine. Sin an fáth a n-éiríonn roinnt daoine níos sine rud beag dearmadach.
Anois – cad é an rud sin a bhí le déanamh agam?
Sa staidéar seo, áfach, nuair a rinne na heolaithe scanadh inchinne ar dhaoine níos sine, chonaic siad go raibh inchinn níos láidre, agus rud beag níos mó, ag cuid mhaith de na daoine a rinne gníomhaíocht coirp rialta.
Go fiú méid áirithe coiscéimeanna a shiúl gach lá, déanann sé maitheas duit
Mar sin, is smaoineamh maith é éirí cleachta leis an aclaíocht rialta agus tú óg, le go mbeidh an nós go fóill agat níos faide anonn sa saol.
Le plé
🧠 Deir an t-alt seo go ndéanann an aclaíocht maitheas don inchinn. Cad iad na buntáistí eile a thagann leis an aclaíocht?
🧠 Ag obair le cara, nó mar rang, smaoinígí ar bhealaí ina dtig linn fanacht aclaí ag an am seo den bhliain, nuair a éiríonn sé dorcha go luath agus nuair a bhíonn an aimsir níos measa.
🧠 Bíonn saol iontach gnóthach ag roinnt daoine fásta agus b’fhéidir nach mbeadh mórán ama acu le haclaíocht a dhéanamh. Daoine a bhíonn ag obair in oifig, mar shampla. An mbeadh smaointe ar bith agat a chuideodh leis na daoine sin gníomhaíocht coirp rialta a dhéanamh?