Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Beidh bronntanas beag againn ag an deireadh seachtaine. Ar a 2.00, maidin Dé Domhnaigh, rachaidh an clog siar uair an chloig agus beidh uair an chloig bhreise sa leaba ag gach duine. Ní fíor-uair an chloig atá ann, ar ndóigh, agus níl inneall ama ag na húdaráis. San earrach, rachaidh an clog chun tosaigh arís agus caillimid an uair an chloig sin.
Caith rud geal má bhíonn tú amuigh sa dorchadas
Agus muid ag druidim leis an gheimhreadh, tá na laethanta ag éirí níos dorcha. Thart faoin am seo den bhliain, bíonn sé dorcha go leor ar maidin agus bíonn sé contúirteach do pháistí agus iad ag dul ar scoil. Mar sin, má théann an clog siar, beimid ag éirí ón leaba níos moille sa lá agus beidh níos mó solais ann. Ach, beidh praghas le híoc as seo – éireoidh sé dorcha níos luaithe sa lá agus beidh sé go hiomlán dorcha thart ar 4.30 i lár an gheimhridh.
Tá eolaithe, áfach, i ndiaidh a rá gur drochrud é an t-am a athrú. Deir siad go bhfuil clog inmheánach ag gach duine agus go gcloíonn sé leis an mhéid solais atá ann. Má athraítear an t-am tríd uair a chloig bhreise a thabhairt dúinn, cuirfear an clog sin as a riocht giota beag. Bíonn an éifeacht is mó, dar leo, san earrach nuair a théann an clog chun tosaigh. Cuireann an t-athrú isteach ar na patrúin codlata a bhíonn againn, deir siad, agus bíonn drochthionchar aige ar ár sláinte agus ár meabhairshláinte. Ba mhaith leo nach mbeadh ach an t-aon am amháin ann ar feadh na bliana.
Ná déan dearmad an clog a chur siar oíche Shathairn – níor mhaith leat bheith i do shuí róluath maidin Dé Domhnaigh!
Le plé:
An aontaíonn sibh leis na heolaithe nár chóir dúinn an t-am a athrú san fhómhar agus san earrach? Déanaigí 2 fhoireann agus iarraigí ar fhoireann amháin na buntáistí a scríobh agus an fhoireann eile na míbhuntáistí a scríobh.
Le déanamh:
Déan nóta den am a n-éiríonn sé dorcha anocht. Déan an rud céanna i gceann seachtaine agus cuir an dá am i gcomparáid lena cheile. An bhfuil sé ag éirí dorcha níos luaithe nó níos moille? Má dhéanann tú é arís seachtain ina dhiaidh, feicfidh tú go bhfuil patrún ann.
Abair go raibh inneall ama agat. Cén tréimhse ama a rachfá ann. Tabhair dhá chúis le do rogha.