Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Europa an t-ainm atá ar cheann de na gealacha atá ag Iúpatar. Agus dar le heolaithe, tá seans maith go bhfuil beocht air. Lainseáil misean spleodrach, Europa Clipper, an tseachtain seo caite le freagra na ceiste a fháil. Cad chuige Europa, mar sin?
Lainseáil an mhisin
Tá Iúpatar, an pláinéad is mó sa Ghrianchóras, iontach fada ar shiúl. Tá sé 756 milliún ciliméadar ar shiúl ón Ghrian, chomh fada sin go nglacann sé 43 nóiméad leis an solas ón Ghrian dul ann. Mar sin de, tá sé iontach fuar. Má smaoiníonn tú air mar theach agus daoine os comhair na tine, tá an Domhan ina shuí go deas, ní ró-chóngarach ach ní ró-fhada ar shiúl ón teas. Ar an lámh eile, tá Iúpatar taobh amuigh den teach síos an bóthar giota beag. Agus tá sé iontach fuar ansin!
Europa agus Iúpatar sa chúl
Ar feadh na mblianta, níor shíl eolaithe go dtiocfadh beocht a bheith ann chomh fada sin amuigh ón Ghrian. Ach chonaic siad rud iontach aisteach ar phictiúir den ghealach Europa. Bhí rud mistéireach ag teacht as agus ag dul sa spás. I ndiaidh tamaill, fuair siad níos mó fianaise gur uisce a bhí ann.
Europa
Cad é mar is féidir uisce a bheith ann chomh fada sin ar shiúl ón Ghrian, nó gach áit eile ar amharc siad ní raibh ann ach oighear? Tá freagra acu ar an cheist sin, síleann siad. Is pláinéad ollmhór é Iúpatar agus bíonn imtharraingt iontach mór ann. Fáisceann Europa gach uair a théann sé thart ar Iúpatar agus déanann sin teas taobh istigh den ghealach. Síleann eolaithe go bhfuil aigéan thíos faoin oighear agus go bhfuil níos mó uisce ar Europa ná mar atá ar an Domhan!
An roicéad á dhéanamh réidh
Is é NASA a lainseáil misean Europa Clipper agus is é seo an chéad spás-árthach atá ag dul chuig an ghealach seo amháin. Níl ach aon sprioc amháin ag an mhisean – lena fháil amach an bhfuil áit ar bith faoin oighear a dtiocfadh le beocht a bheith ann. Má thagann siad ar bheocht ar an ghealach seo, sin an chéad uair riamh a d’aimsigh muid beocht áit ar bith taobh amuigh den Domhan. Beidh orainn fanacht tamall beag, áfach, nó ní bhainfidh Europa Clipper an ghealach Europa amach go dtí an bhliain 2030.
Rinne eolaithe a lán oibre ar an mhisean seo
Tá buneolas faoi na pláinéid anseo.
Le déanamh:
Foghlaim tuilleadh faoin Ghrianchóras anseo.
Tá tamall le fanacht againn go dtí go mbainfidh Europa Clipper Europa amach. Cad é a bheidh difriúil sa Domhan idir an dá linn, dar leat?
Má tá beocht ar Europa, cén sórt ainmhithe a bheidh le feiceáil san uisce faoin oighear? Tarraing pictiúr d’ainmhí amháin.
Pictiúir:
Iúpatar: NASA/JPL-Caltech