Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí rudaí i bhfad níos simplí sa seanam – na taibhsí an t-aon rud a raibh ort a bheith buartha faoi!
Thosaigh na Ceiltigh a lán fadhbanna nuair a tháinig siad aníos le ‘Oíche Shamhna’. Bhí sé breá simplí sa seanam, an t-aon rud a raibh ar na daoine bheith buartha faoi ná taibhsí agus púcaí a bheith sa tóir orthu. Tá rudaí i bhfad níos casta na laethanta seo – tá cuid mhór rudaí ann a gcaithfidh muid smaoineamh orthu Oíche Shamhna!
Caithfidh tú smaoineamh ar go leor rudaí anois sula n-imríonn tú ‘bob nó bia’
Caithfidh tú culaith a fháil le gléasadh suas, caithfidh tú maisiúcháin a fháil lena gcur taobh amuigh den teach – nó go fiú taobh istigh. Rud eile a mbíonn ar dhaoine smaoineamh faoi ná bia. Caithfidh tú smailceacha a bheith réidh agat, le nach mbuailfidh cuairteoirí na Samhna bob ort, agus iad ag imirt ‘bob nó bia’.
Mol mór milseán Oíche Shamhna…nó arbh fhearr leat rud éigin níos sláintiúla?
Gach Oíche Shamhna, téann páistí ó dhoras go doras, ag bailiú cnónna, torthaí agus rudaí deasa milse. Mar atá a fhios againn uilig na laethanta seo, áfach, caithfidh muid bheith cúramach faoin mhéid milseán a ithimid chomh maith! Má ithimid barraíocht Oíche Shamhna, b’fhéidir go mbeadh muid tinn, nó go mbeadh fiacla lofa againn an bhliain ar fad seachas Oíche Shamhna amháin!
Má itheann tú barraíocht milseán – beidh fiacla mar seo agat an bhliain ar fad!
Bhuel, ní thig linne cuidiú libh leis an chulaith, ná leis na maisiúcháin – ach i mbliana, thig linn smaointe a thabhairt daoibh maidir le smailceacha Samhna. Tá cúpla smaoineamh againn thíos a bheadh thar a bheith maith lena dtabhairt amach do na taibhsí a thiocfaidh ar cuairt chugaibh. Is smaointe iontach simplí iad, ach cuirfidh siad snas ar chóisir Shamhna ar bith. Ní hamháin sin, tá meascán de thorthaí agus rudaí beaga milse iontu. Mar sin, tá siad i bhfad níos sláintiúla ná mála mór milseán!
De dhíth
Do rogha féin de thorthaí (bananaí, sútha talún, úlla, oráistí mandairín);
Leamhacáin (le súile agus fiacla a dhéanamh);
Cnónna nó síolta beaga (le súile agus fiacla a dhéanamh);
Rogha de mhilseáin bheaga (le súile agus rudaí eile a dhéanamh);
Seacláid leáite;
Soc reoáin (leis an tseacláid a chur amach)*
Thig leat do shoc reoán féin a dhéanamh as mála ceapairí agus poll ag an bhun
*Ná bí buartha mura bhfuil soc reoáin agat, thig leat ceann a dhéanamh go furasta as mála ceapairí nó as páipéar bácála, ach faigh cuidiú ó dhuine fásta má bhíonn tú ag obair le seacláid leáite. Cuir an tseacláid leáite sa mhála ceapaire agus gearr poll beag i gcoirnéal amháin. Sin, nó déan cón as páipéar bácála, druid an cón le glaethéip agus gearr poll beag ag an bhun.
Banana-thaibhsí
Rogha 1 (iontach sláintiúil)
Gearr na bananaí ina dhá leath agus tarraing dhá shúil agus srón orthu le seacláid leáite.
Rogha 2 – (chan chomh sláintiúil céanna ach lán chomh blasta)
Tum na bananaí isteach sa tseacláid leáite ar dtús – ansin tarraing na súile agus an tsrón!
Mion-phuimciní oráiste!
Faigh marcóir dubh agus tarraing aghaidh phuimcín ar chraiceann an oráiste. Bain an craiceann agus ith é!
Nó, bain an craiceann den oráiste agus cuir milseán beag glas ar bharr gach oráiste, le cuma puimcín a chur air!
Nó, bain an craiceann agus tarraing aghaidh phuimcín le seacláid leáite!
Arracht pancógach
Greamaigh dhá phancóg dá chéile le him piseanna talún nó seacláid. Úsáid síolta nó cnónna beaga nó go fiú brioscáin ríse do na fiacla, slisín sú talún don teanga agus slisíní banana agus fíonchaora do na súile. Is féidir seacláid leáite nó reoán a úsáid le rudaí a ghreamú dá chéile.
Úll-arracht
Dhá shlisín úill don bhéal, líon an béal le brioscáin ríse nó seacláid agus úsáid leamhacáin agus seacláid leáite do na súile.
Béal líonta le seacláid (bíonn leathán seacláide cosúil le Nutella blasta)
Béal líonta le cnónna
Sin – nó úsáid do shamhlaíocht féin. Ba bhreá linn bhur gcuid smailceacha Samhna a fheiceáil. Seol isteach smaointe, agus pictiúir chugainn! nuacht@aisaonad.org.