Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ní fada anois go dtí Oíche Shamhna. Seo an oíche, dar leis na sean-Ghaeil, nuair a bhíonn neacha ón saol eile ábalta trasnú isteach sa saol seo.
Beidh níos mó eolais againn daoibh ar Oíche Shamhna níos moille an tseachtain seo
Súmaire fola
Nuair a luaitear Oíche Shamhna, samhlaímid taibhsí agus cailleacha agus, ar ndóigh, vaimpírí nó súmairí fola! Má chónaíonn tú i mBaile Átha Cliath, beidh go leor imeachtaí ag tarlú ar an tseachtain seo chugainn le comóradh a dhéanamh ar an vaimpír is clúití den iomlán – Dracula – agus ar an fhear a chuir scéal Dracula i mbéal an phobail, an t-údar Éireannach, Bram Stoker.
Bram Stoker – chuir sé an leabhar ‘Dracula’ amach in 1897
Scríobh Bram Stoker an t-úrscéal Dracula sna blianta 1890. Tá an scéal lonnaithe in áit darb ainm an Trasalváin, áit a bhfuil ‘an Rómáin’ sa lá inniu. Ar feadh fada go leor, shíl daoine gur bhunaigh Bram Stoker carachtar Dracula ar Vlad Dracula, nó, ‘Vlad an Spíce’, mar a thugtar air de ghnáth. Mhair Vlad sa 15ú haois, agus thaitin sé go mór leis daoine a chaitheamh suas ar bharr spící!
Dealbh in ómós do Vlad an Spíce sa Rómáin
Ach an rud a bhí ann, ní raibh Bram Stoker sa Trasalváin riamh agus níl muid cinnte fiú an raibh mórán eolais aige ar scéal Vlad an Spíce. Dúirt Stoker féin gur roghnaigh sé an t-ainm Dracula mar gur shíl sé gur focal Rómáinise é ar ‘diabhal’.
Níor leag Stoker cos sa Trasalváin riamh!
Tá go leor fianaise ann anois go bhfuair Bram a chuid inspioráide dá scéal i bhfad níos cóngaraí don bhaile! Síleann roinnt daoine gur chuala Bram an scéal faoi shúmaire fola as Doire darbh ainm Abhartach – agus gur bhunaigh sé carachtar Dracula air seo.
Abhartach – taoiseach beag cruálach cantalach crosta. Dúirt daoine go raibh draíocht aige
Ba thaoiseach é Abhartach a bhí ina chónaí i ndeisceart Dhoire fadó. Fuair sé an t-ainm abhartach mar nach raibh sé ró-ard, mar fhear. Ba thaoiseach iontach cruálach ar fad é Abhartach. Chaith sé go han-olc leis na daoine. Bhí na daoine ag iarraidh fáil réitithe de. Fuair siad cuidiú ó thaoiseach eile sa cheantar darbh ainm Cathán.
Tagann an sloinne ‘Ó Catháin’ ón taoiseach seo, Cathán. Ba theaghlach iontach láidir i gcontae Dhoire iad muintir Uí Chatháin
Bhí troid ann idir Cathán agus Abhartach agus mharaigh Cathán an taoiseach cruálach. Bhí na daoine iontach sásta, bhí siad saor ón chruálacht, faoi dheireadh! Cionn is gur thaoiseach é Abhartach, d’fhág siad ina sheasamh é nuair a chuir siad é, le meas a léiriú air.
Níor mhair áthas na ndaoine rófhada, áfach. An chéad lá eile, tháinig Abhartach ar ais ó na mairbh agus bhí sé ar buile! Dúirt sé leis na daoine go raibh sé ag iarraidh a gcuid fola a ól, lena choinneáil sásta! Tháinig Cathán ar ais agus bhí troid eile ann. Troid uafásach ach, sa deireadh, mharaigh Cathán Abhartach arís. Rinne na daoine an rud céanna, chuir siad é, ina sheasamh, arís.
Gach uair a mharaigh Cathán Abhartach, tháinig Abhartach ar ais arís!
An lá arna mhárach, tháinig Abhartach ar ais arís, agus bhí sé ag iarraidh níos mó fola! Chuaigh Cathán chuig draoi le comhairle a fháil.
Thug an draoi, trí phíosa comhairle do Chathán:
Ar an dóigh sin, ní thiocfadh sé ar ais.
Ba chrann iontach tábhachtach é an t-iúr ag na Ceiltigh agus ag na sean-Ghaeil. Bíonn an focal iúr againn i gcuid mhór logainmneacha
Sin an rud a rinne Cathán agus níor chuir Abhartach isteach ar na daoine ón lá sin go dtí an lá inniu! Ní hamháin sin, thug an scéal s’aige inspioráid iontach d’fhear as Baile Átha Cliath na céadta bliain níos moille, más fíor!
Níl a fhios againn cé chomh fíor is a bhí scéal Abhartaigh, ACH…
tá áit i ndeisceart Dhoire darb ainm Leacht Aibheartaigh (in aice le Garbhachadh). Ciallaíonn leacht cloch, agus tá crann sceiche ag fás san áit! De réir na sean scéalta, seo an áit ar cuireadh Abhartach. Thig le gach duine cuairt a thabhairt ar an áit.
Do bharúil ar cuireadh Abhartach thíos faoin chloch seo?
An dá phictiúr © Seirbhísí Músaeim Chósta Chlochán an Aifir agus na nGlinnte / Causeway Coast and Glens Museum Services
Le plé / le déanamh
🧛 An maith leatsa scéalta scanrúla? Cén fáth?
🧛 An bhfuil eolas ar bith agat ar scéalta scanrúla ó do cheantar féin? Roinn leis an rang iad, nó linne!